Ár gcomhghairdeas lenár bhfoireann díospóireachta Sóisearach- Róisín Binse, Alana Ní Leathlobhair, Sofia Ní Bhriain agus ionadaithe Sarah Breathnach agus Kairose Ní Bhéice- ar éirigh leo craobh na hÉireann a shroicheadh le déanaí i gcomórtas díospóireachta Uí Chadhain de chuid Gael Linn. D'éirigh thar cionn leo, cé nach raibh an t-ádh leo ar an lá, agus is cinnte go bhfuil éacht bainte amach acu leis an mbua i gCúige Laighean. Is léir go bhfuil bua na cainte go tréan iontu uilig!