Tá ag éirí tharr barr leis an scoil ó thaobh cúrsaí peile agus iománaíochta de, beidh na peileadóirí sinsearacha ag imirt sa cheathrú ceannais den chraobh tar éis lá maith a bheith acu i mBaile an Aba. Tá an cluiche deireanach den ghrúpa ag na hógánaigh ar an Máirt seo chugainn agus beidh orthu an bua a bhaint amach ionas go mbeidh siad in ann leanúint ar aghaidh sa chraobh.
Tá tús curtha leis an mbliain ag na cailíní chomh maith agus comhscór agus bua amháin aimsithe acu sa bpeil, chomh maith leis sin beidh an chéad fhoireann chamógaíochta againn sa bhliain nua.
Ó thaobh cúrsaí iomána de, tá na sóisearaigh sa chluiche ceathrú ceannais i gcoinne Coláiste Pháirc na Maoile ar an Déardaoin seo chugainn agus tá iomáint den scoth feicthe againn go dtí seo ó dhaltaí na scoile.