Gaelcholáiste an Phiarsaigh

Cuairt ó Almeria

10-Márta-23
Cuairt ó Almeria

Tháinig grúpa scoláirí ar cuairt chugainn i nGCP le déanaí ó mheánscoil in Almeria sa Spáinn!

Léigh thíos an cur síos a rinne Emma ní R. ó bhliain 1 ar an lá.

Bhí an-sceitimíní ar na daltaí ó na ranganna Spáinnise nuair a dúirt na muinteoirí go raibh muid chun cairde pinn a fháil ó Almeria sa Spáinn. Scríobhamar cúpla litir chuig a chéile & bhí glaoch físeáin againn leo ina raibh deis againn caint ar feadh cúpla nóiméad. Ar an 3ú de Mhárta tháinig na daltaí ón Spáinn chuig ár scoil. Chuaigh muid chuig seomra 2 agus 7 agus bhíomar ag imirt cluichí boird agus ag caint lena chéile i Spáinnis agus i mBéarla- thriail muid Gaeilge a labhairt leo freisin. Bhí sé go maith na rudaí a bhí foghlamtha againn sa rang Spáinnise a úsáid. Níos déanaí chuaigh muid chuig an tseomra eacnamaíocht bhaile agus fuair muid seacláid te agus brioscaí. Bhí cluiche cispheile againn chomh maith. Ag deireadh an lae dúirt muid slán leo. Anois táimid ag iarraidh dul chuig an Spáinn chun iad a fheiceáil arís.

Már
20 2025
Bl. 3 Ceol- Scrúduithe Praiticiúla
Már
20 2025
(Idirbhliain) Seisiúin Eolais- Ábhair na hArdteiste
Már
21 2025
(Idirbhliain) Ceardlann- Intleacht Shaorga (A.I.)
Már
25 2025
Peil Ghaelach na mBan- Blitz (Bl. 1 & 2)
Már
25 2025
Comórtas Gnó (Bl. 1, 2, 3)
Teagmháil / Contact
An Mhainistir,
Bóthar na Gráinsí,
Ráth Fearnáin,
Baile Átha Cliath 14,
D14 PP82


01 493 3335

Suíomh / Location
© 2025 Gaelcholáiste an Phiarsaigh