Seachtain na Matamaitice

Maths week
22-Deireadh Fómhair-24
Seachtain na Matamaitice

Bhí seachtain na matamaitice againn sa scoil an tseachtain seo caite agus bhaineamar fíor-thaitneamh asti. Léigh thíos an cur síos a rinne roinnt dár scoláirí ar imeachtaí na seachtaine

Bhí seachtain na matamaitice againn an tseachtain seo caite agus bhí sé an-spraíúil do na scoláirí. Gach lá bhí ceisteanna faoi leith ann agus puzail bunaithe ar an mata o bhliain 1 suas go bliain 6. Bhí duaiseanna ar fáil do scoláirí a d’oibrigh amach na freagraí. Bhí comórtas póstaeir ‘Súile Mata’ againn freisin agus bhí duaiseanna iontacha ag an tionól. Rinne muid go leor rudaí eile freisin cosúil le tráth na gceist agus cluichí mata. San iomlán bhí go leor spraoi ag an scoil agus rinne na múinteoirí obair iontach chun gníomhaíochtaí a chur ar fáil. Seachtain iontach a bhí inti!

Logan Mac Síomóin & Rían Ó Ruanaidh- Bliain 1

Mar chuid de ‘Seachtain na Matamaitice’ sa scoil, bhí tráth nagceist mata againn ar an Aoine an 18ú Deireadh Fómhair. Bhí dhá rang i gceist agus cúig bhabhta, le deich gceist i ngach babhta. Bhí an bua ag foireann a ceathair agus ag foireann a seacht- foireann Oisín. Bhí imeachtaí eile ann freisin a d’eagraigh bliain 4 agus na múinteoirí Fionnuala, Aoife agus Marianna. Bhí an-spraoi againn agus beimid ag súil é a dhéanamh arís an bhliain seo chugainn

Oscar Ó Neachtain & Oisín Ó Maoláin- Bliain 2

Seachtain na Matamaitice
Samh 10
2025
(Bl. 3, 6) Scrúduithe na Samhna
Samh 10
2025
(Bliain 5) Ceardlann- scoileanna ildánacha
Samh 11
2025
(Bliain 4) Ceardlann- Scoileanna ildánacha
Samh 13
2025
Bl. 5 -Cruinniú Tuismitheoirí/Múinteoirí/Scoláirí
An Mhainistir, Bóthar na Gráinsí, Ráth Fearnáin, Baile Átha Cliath 14, D14 PP82.
01 493 3335
Enquire
Suíomh / Location
© 2025 Gaelcholáiste an Phiarsaigh