Seachtain na Meabhairshláinte 2022
Mental Health Week 2022
Iniata tá cur síos ar imeachtaí na seachtaine scríofa ag scoláirí na tríú bliana mar chuid den choiste folláine
Chun tús a chur le Seachtain na Meabhairshláinte i mbliana rinneamar bráisléid chairdis. Bhailigh grúpa mór sa halla agus bhí craic iontach ann. Chuaigh gach rang chuig an bpáirc súgartha i gCaisleán Ráth Fearnáin chun sos a thógáil ó na ranganna agus roinnt aclaíochta a dhéanamh. Ar an Déardaoin tháinig gach éinne ar scoil in éadaí codlata agus bhailíomar airgead ar son cartharnachta. Rinne bliain 4 caoineoga ag am lóin agus bhain an scoil an-sult astu. Ar an lá deireanach, rinneamar ‘leag gach rud agus damhsa’. Cuireadh fógra amach ar an gcallaire agus thosaigh gach duine ag damhsa le físeáin ‘just dance’. Seachtain lán de spraoi agus craic a bhí ann agus bhain gach duine an-sult as.