Tús Maith, Leath na hOibre

04-Meán Fómhair-25
Tús Maith, Leath na hOibre

Agus ár gcéad choicís ag teacht chun críche don scoilbhliain 2025-2026, is iontach go bhfuil go leor le ceiliúradh againn!

Chuireamar fáilte chroíúil roimh scoláirí nua na céad bhliana- ranganna Laoise agus Liatroma- agus tá coicís iontach curtha futhu acu ag socrú isteach sa scoil. D'fháiltíomar ar ais roimh na bliainghrúpaí eile agus bhí filleadh rathúil acu uilig- bhí ionduchtú iontach ag an idirbhliain nua agus b'álainn scoláirí na séú bliana a fheiceáil ag filleadh don bhliain dheireanach.

Bhí lá mór ceiliúrtha againn sa scoil Aoine seo caite, le torthaí iontacha rang na hArdteiste 2025, agus arís ar an gCéadaoin i ndiaidh sin le foilsiú na dtairscintí ollscoile. B'iontach dúinn a chloisteáil faoi na pleananna atá acu don todhchaí agus iad chomh ar bís faoin gcéad chéim eile. Déanaimid comhghairdeas leo uilig agus guímid gach rath orthu- táimid fíorbhródúil asaibh!

Táimid ag súil le téarma agus scoilbhliain lán le fás, fuinneamh agus foghlaim.

Samh 10
2025
(Bl. 3, 6) Scrúduithe na Samhna
Samh 10
2025
(Bliain 5) Ceardlann- scoileanna ildánacha
Samh 11
2025
(Bliain 4) Ceardlann- Scoileanna ildánacha
Samh 13
2025
Bl. 5 -Cruinniú Tuismitheoirí/Múinteoirí/Scoláirí
An Mhainistir, Bóthar na Gráinsí, Ráth Fearnáin, Baile Átha Cliath 14, D14 PP82.
01 493 3335
Enquire
Suíomh / Location
© 2025 Gaelcholáiste an Phiarsaigh