Bhí grúpa idirbhliana ag obair mar chúntóirí ag bleaist eolaíochta ESB san RDS an tseachtain seo caite. Bhí siad ag obair le páistí bunscoile a tháinig ó ghaelscoileanna ar fud na tíre. Léirigh siad feasacht eolaíochta, togha na teanga agus ceannaireacht den scoth agus iad ag obair leis na páistí don lá. Léigh thíos an cur síos a rinne Cara Ní Mhaonaigh agus Saoirse Ní Lia a bhí ag obair ag na seastáin éagsúla;
An seachtain seo caite chuaigh grúpa againn chuig an ‘ESB science blast’ san RDS. Bhí muid ansin chun cabhair a thabhairt ag na seastáin ESB. Bhí ceithre seastán ann- ceann faoin gceol, ceann maidir le tuirbíní gaoithe, ceann maidir le réaltacht fhíorúil agus ceann le cluiche chun na fórsaí difriúla a léiriú. Ag na seastáin bhí muid in ann bheith ag labhairt as Gaeilge leo toisc gur lá na mbunscoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta a bhí ann. Bhí go leor seóanna eolaíochta éagsúla ar siúl ann freisin a bhí beo ar TG4. Ag deireadh an lae thug siad am dúinn dul timpeall agus triail a bhaint as na seastáin éagsúla agus bhí an-chraic againn.