Bronnadh brat glas ar an scoil an tseachtain seo! Rinneadh obair iontach ag an gcoiste glas i mbliana ar fud na scoile ag cinntiú go mbímid ag smaoineamh ar an timpeallacht i gcónaí agus muid ag tabhairt faoin saol scoile.
Léigh thíos cur síos a rinne Kayla Chinsealach agus Matilda Nic Chadáin ar an obair a bhí ar bun ag an gcoiste glas i mbliana;
I mbliana chun an scoil a choimeád glan agus glas d’eagraíomar an Coiste Glas le beirt ionadaí ó gach rang. B’í an phríomh-aidhm a
bhí ag an gCoiste Glas ná chun Brat Glas bhruscar agus dramhaíl a bhaint amach. Ar dtús, rinneamar suirbhé ar na háiteanna ina raibh bruscar ag bailiú sa scoil agus na háiteanna in mbeadh boscaí bruscair de dhíth. Nuair a bhailigh muid suas ár gcuid torthaí fuaireamar boscaí bruscair sa bhreis don dhá fhoirgneamh agus na seomraí ranga. Chruthaigh muid neart póstaer chun fógra a dhéanamh faoin áit ceart le do bhruscar a chur. Ghlac Bliain a trí páirt I gcomórtas póstaeir, le scoláirí eile a spreagadh a bheith ag smaoineamh faoin timpeallacht. Rinneamar bailiúchán do shean-fhearais tí leictreach ó phobal na scoile, tuismitheoirí uilig, a spreagadh a bheith ag smaoineamh faoin athchúrsáil. Freisin bhailigh muid os cionn 8 mbosca ceallra do WEEE. Ar deireadh, bhí bród an domhain orainn le cloisteáil go raibh an Brat Glas faighte againn ar deireadh. D’fhreastail muid ar shearmanas bronnadh sa Heilix áit a raibh cur i láthair, lón agus ceiliúradh déanta. Tá an brat anois ag crochadh go bródúil lasmuigh don scoil.
Kayla Chinsealach & Matilda Nic Chadáin