Gaelcholáiste an Phiarsaigh

Bua i gComórtas Díospóireachta Uí Chadhain

Victory in Uí Chadhain debate competition
06-Nollaig-24
Bua i gComórtas Díospóireachta Uí Chadhain

Bhí bua iontach eile ag foireann díospóireachta Gaeilge na scoile le déanaí agus beidh siad ag dul ar aghaidh anois go craobh an Chontae. Iniata thíos tá uasdátú ó Éabha de Búrca agus Tríona Nic Roibeáird ar dul chun cinn na foirne. Táimid an-bhródúil astu agus guímid gach rath orthu sa chraobh!

D’éirigh go hiontach leis an bhfoireann díospóireachta shóisearach an téarma seo, le hÉabha de Búrca, Caoimhe de Búrca, Tara Ní hAodha, Avalily Nic Dhuarcain Ní Bhriain agus Tríona Nic Roibeáird maraon leis na múinteoirí Dúlra & Marianna. Sa chéad bhabhta, an rún a bhí le plé againn ná ‘Ba chóir deireadh a chur le scrúduithe na Sraithe Sóisearaí’. Bhí foireann GCP i gcoinne an rúin áiféiseach seo. Bhí an lámh in uachtar againn agus Glór na Mara thar Choláiste Ráithín. Anuas air sin, bhí an bua againn sa dara bhabhta freisin, leis an rún ‘Tá cothrom na féinne á fháil ag aos óg na tíre seo’. Bhíomar i gcoinne an rúin seo chomh mhaith. Fuaireamar an bhó thar abhainn ar Choláiste Eoin agus Coláiste Mhuire, agus i ndiaidh na Nollag beidh muid ag tnúth le Craobh Bhaile Átha Cliath.

Aib
14 2025
Saoire na Cásca
Bealt
05 2025
Lá Saoire Bainc
Bealt
05 2025
(Idirbhliain) Taithí Oibre
Bealt
13 2025
Bronnadh- Gaelbhratach
Bealt
20 2025
Oíche Bhronnta na hIdirbhliana
04-Aib-2025
"High School Musical"
21-Már-2025
EU Translation competition
Teagmháil / Contact
An Mhainistir,
Bóthar na Gráinsí,
Ráth Fearnáin,
Baile Átha Cliath 14,
D14 PP82


01 493 3335

Suíomh / Location
© 2025 Gaelcholáiste an Phiarsaigh