Bhí séasúr dochreidte ag foireann chispheile na gcailíní dara bliana i mbliana agus chuir siad críoch leis le déanaí le bua i gcluiche ceannais Chúige Laighean! Lá iontach a bhí ann- d'imir na cailíní sárchluiche agus bhí an lucht tacaíochta ag screadaíl le bród. Comhghairdeas ó chroí leis an bhfoireann uile, le captaen na foirne Úna Ní Bhréartúin, leis na cúntóirí idirbhliana Lorcán & Laura agus comhghairdeas ollmhór leis an Múinteoir Michaela, bainisteoir na foirne. Tá éacht dochreidte bainte amach ag na cailíní agus tá siad ag súil go mór le séasúr iontach eile an bhliain seo chugainn!