Gaelcholáiste an Phiarsaigh

Bua i nDíospóireacht Spáinnise

Victory in Spanish debate
22-Samhain-24
Bua i nDíospóireacht Spáinnise

Bhí bua iontach ag an bhfoireann díospóireachta Spáinnise le déanaí- iniata thíos tá cur síos déanta ag beirt bhall den fhoireann, Saoirse Ní Lia agus Caoimhe Ní Bhriain, ar an éacht ar bhain siad amach!

Ghlac foireann díospóireachta Spáinnise na scoile páirt i mbliots díospóireachta Spáinnise an tseachtain seo caite faoi stiúir an mhúinteora Amy. Mar bhall den fhoireann bhíomar, Saoirse Ni Lia agus Caoimhe Ni Bhriain ó bhliain a cúig agus Ronan Ó Bréartúin agus Ava Ni Airtnéada chomh maith le cabhair ó Eabha Ní hAinmhire agus Sadhbh Furlong Miñarro. Bhí an comórtas ar siúl i gColáiste Benildus agus an rún a bhí ann ná “el turismo massivo ha convertido en un problema” (tá an turasóireacht ar scála mór ag aistriú isteach i bhfadhb). Bhíomar i gcoinne an rúin agus bhí neart oibre curtha isteach againn sna seachtainí roimh ré. Scríobhamar óráidí faoi na topaicí a bhí roghnaithe againn ar nos cultúr, eacnamaíocht agus an timpeallacht. Chomh maith le sin rinneamar go leor cleachtadh ó bhéal. B’ullmhúchán an-mhaith é do na scrúduithe Spáinnise! Ag an mbliots bhí deis againn bualadh le daltaí ó scoileanna eile a bhfuil spéis acu sa Spáinnis agus comhrá a dhéanamh leo. Bhí an díospóireacht féin dúshlánach ach sa deireadh tháinig muid amach leis an mbua. Ar bharr sin bhuaigh Caoimhe Ni Bhriain ó bliain a cúig an duais don chainteoir is fearr. Bhí craic agus spraoi againn agus tá muid ag tnúth go mór páirt a glacadh an bhliain seo chugainn!

Bealt
13 2025
Bronnadh- Gaelbhratach
Bealt
14 2025
(Bl. 2 Ealaín) Ceardlann feiltbhrait
Bealt
20 2025
Oíche Bhronnta na hIdirbhliana
Bealt
22 2025
Oíche Bhronnta Bhliain 6
Bealt
27 2025
Scrúduithe an tSamhraidh: Blianta 1,2 agus 5
04-Aib-2025
"High School Musical"
21-Már-2025
EU Translation competition
Teagmháil / Contact
An Mhainistir,
Bóthar na Gráinsí,
Ráth Fearnáin,
Baile Átha Cliath 14,
D14 PP82


01 493 3335

Suíomh / Location
© 2025 Gaelcholáiste an Phiarsaigh