Bhí bua iontach ag foireann pheile na buachaillí sóisearacha an tseachtain seo caite sa chluiche ceannais. Déanaimid comhghairdeas croíúil leis an bhfoireann uile, leis an gcaptaen Ted Ó Bróithe agus lena dtraenálaí, an Múinteoir Pádraig. Léigh thíos an cur síos a rinne Ryan Ó Duineacha (Bl. 3) ar an éacht atá bainte amach acu.
D'imir buachaillí sóisearacha na scoile cluiche ceannais sa pheil Ghaelach Déardaoin seo caite (06/03). Cluiche dian a bhí ann i gcomhair na buachaillí ach tháinig muid amach ar bharr sa deireadh. Thosaigh buachaillí GCP ag obair go tapa in aghaidh na gaoithe leis an gcéad scór mar chúl. Bhí an chéad leath deacair dúinn leis an ngaoth ag eirí níos láidre. Chuamar isteach ag leath ama taobh thiar le farasbarr de 5 phointe, 4-4 go dtí 2-5 chuig Gaelcholáiste Mhaigh Nuad.
Tháinig na buachaillí isteach agus thug an bainisteoir, an múinteoir Pádraig, óráid inspioráideach dúinn. Thosaigh buachaillí GCP ag obair arís agus an ghaoth taobh thiar dúinn. Fuireamar cúig chúl san iomlán sa dara leath, ceann dóibh, pionós faighte ag Luke de Barra. Leis an gcluiche ag teacht chuig deireadh, tháinig na hionadaithe isteach chun críoch a chur le taispeántas den scoth sa dara leath ach go háirithe. Séideadh an fheadóg dheiridh agus léim buachaillí GCP le gliondar. Bhí an scór deiridh Gaelcholáiste an Phiarsaigh 8-7 go dtí 6-5 Gaelcholáiste Mhaigh Nuad. D'ardaigh captaen na foirne, Ted Ó Bróithe an corn.
Stair déanta! An chéad chorn pheil Ghaelach tugtha ar ais chuig Gaelcholáiste an Phiarsaigh ó a bhunaíodh an scoil. Ar aghaidh linn!
Ryan Ó Duineacha