Ghlac scoláirí na hIdirbhliana páirt i gCeardlann Drumadóireachta le déanaí le Dave ó 'Jabba Jabba Jembe'. D'fhoghlaim siad conas rithimí éagsúla a sheinm ar raon de dhrumaí éagsúla. Léigh thíos an cur síos ó Erin Ní Chearúil i rang Chill Chainnigh;
Ar an Aoine bhí ceardlann drumaíochta le Jamba Dave ag an gceathrú bliain ar fad. Bhí an-chraic ar fad againn. D'fhoghlaim an rang ar fad conas fuaim dheas a chruthú leis na drumaí. Chruthaíomar cúpla amhrán leis na drumaí ar fad. Bhí druma ag gach duine agus bhí cúpla uirlis beag eile ann freisin, ar nós maracas! Bhí deis againn ar fad na huirlisí beaga a sheinm. Ag deireadh an ranga thógamar pictiúr le Dave agus na drumaí agus thug muid cabhair dó na drumaí ar fad a thógáil ar ais chuig a veain. Bhaineamar an-sult as!