Léirigh scoláirí na hIdirbhliana a gceoldráma dochreidte 'Ceoldráma Ardscoile' le déanaí. Iniata tá cur síos ó Millie Boughton (Gabriella) agus Sofia de Barra (Taylor) ar an eispéireas.
Le déanaí chuireamar ‘Ceoldráma Ardscoile’- leagan Gaeilge de "High School Musical" ar stáitse. Bhí a lán oibre ag baint leis, ach bhaineamar an-taitneamh as mar bhliain. Deis iontach a bhí ann scileanna a fhoghlam agus na naisc eadrainn a neartú.
B'éigean do gach duine na héisteachtaí a dhéanamh chun róil a fháil. Bhí an múinteoir Dúlra i gceannas ar na héisteachtaí agus chabhraigh sí linn le cúrsaí cheoil tríd an bpróiseas iomlán, le cabhair ón múinteoir Marianna. Bhí an múinteoir Joe mar ár stiúrthóir i mbliana, rud a bhí an-speisialta ar fad mar gurb é seo an bhliain deireanach go mbeidh sémar phríomhoide na scoile agus bhain muid an-taitneamh as an eispéireas seo a chaitheamh leis. Chabhraigh sé linn na línte a fhoghlaim agus an ceoldráma ar fad a eagrú. Bhí an phribhléid againn bheith ag obair le damhsóir gairmiúil a chum agus a mhúin gach uile damhsa dúinn, an múinteoir Neasa, agus táimid an-bhuíoch di.
Bhíomar ag cleachtadh thar an mbriseadh meán théarma, ag an deireadh seachtaine, i rith agus tar éis na scoile, fiú tar éis laethanta de thaithí oibre san oíche! Tháinig an múinteoir Neasa isteach trí lá in aghaidh na seachtaine ar feadh mí go leith roimh an cheoldráma. Bhí sí agus an múinteoir Dúlra an-chabhrach leis an eagrúchán ar fad agus mar chomhstiúrthóirí don mhúinteoir Joe. Rinne an Múinteoir Libby go leor oibre leis na scoláirí ealaíne ag cur seit le chéile agus bhí an múinteoir Michaela mar chabhair dúinn ar stáitse chomh maith. Chaitheamar am chomh maith ag eagrú ár gcultacha agus ag aimsiú frapaí beaga, cosúil le seanfhóin ó na 2000idí! D’fhoghlaim muid thart air 20 amhrán agus damhsa- bhí go leor oibre ag baint leis ach dá mbeadh an deis againn dul ar ais agus é ar fad a dhéanamh arís, tapódh muid an deis láithreach!
D’oibrigh muid le chéile chun seó iontach a chur ar stáitse agus táimid chomh buíoch de na múinteoirí ar fad a chabhraigh linn i mbliana. Chuireamar dhá oíche iontach ar fáil faoi dheireadh 😁
Millie Boughton & Sofia de Barra