Gaelcholáiste an Phiarsaigh

Ceoldráma na hIdirbhliana- "Grease"!

24-Bealtaine-23
Ceoldráma na hIdirbhliana- "Grease"!

Cuireadh pobal na scoile faoi gheasa le déanaí ag an léiriú dochreidte a rinne scoláirí na hIdirbhliana ar an gCeoldráma 'Grease'!

Léigh an cur síos thíos a rinne ár Sandy & Danny féin, Sadhbh & Setanta, ar an bpróiseas uile!

Mar chuid den Idirbhliain chuireamar an ceoldráma ‘Grease’ ar stáitse i mí Bealtaine 2023. Tionscnamh agus imeacht den scoth a bhí ann, lán le cruthaitheacht, fuinneamh agus tallann. B’é seo an dara uair don scoil ‘Grease’ a chur ar stáitse, mar sin bhí taithí ag na múinteoirí air. Ar dtús bhí orainn éisteachtaí a dhéanamh chun na róil a dháileadh. Bhí 16 ról ainmnithe ann agus as na róil sin bhí naoi gcinn go mbeadh canadh aonarach de dhíth orthu.

Thosaíomar na cleachtaí i mí an Mhárta. Chleachtaíomar go han-rialta i rith ranganna agus i ndiaidh na scoile chomh maith go dtí thart ar 6:30. Chaith muid a lán ama ag foghlaim na línte, na rincí, na n-amhrán agus na ngníomhaíochtaí go léir.

Chomh maith leis an obair ar an stáitse, d’oibrigh muid go dian ag cruthú frapaí, feisteas agus cúlraí stáitse. Chaith muid go leor ama sa seomra ealaíne ag tarraingt, ag péinteáil agus ag cruthú na rudaí a bhí de dhíth.

Bhí an Múinteoir Dónal mar stiúrthóir againn, an Múinteoir Michaela i gceannas ar na frapaí agus cúlraí, an Múinteoir Zelda ag múineadh rince, an Múinteoir Emma ag obair ar na feistis agus na múinteoirí Marianna agus Dúlra ag obair linn ar an gcanadh. Gabhaimid buíochas leo go léir don bhainistíocht, eagrúchán agus taithí ar roinn siad linn. Bhain muid go léir an-taitneamh as an gceoldráma seo a dhéanamh agus táimid i bhfad níos gaire le chéile mar bhliain anois. Bhí an léiriú a rinneamar ar stáitse dochreidte agus chuir gach uile duine ag cur a chroí san obair. Ar an iomlán bhaineamar an-taitneamh as an bpróiseas ar fad agus chruthaíomar cuimhní a chur críoch den scoth le bliain iontach!

Sadhbh Ní Bhroin & Setanta Meyler (Sandy & Danny)

M.Fómh
27 2023
(Idirbhliain) DSPCA- Rang Chill Dara
M.Fómh
28 2023
Cluiche Peile- Cailíní Sóisearacha
M.Fómh
28 2023
Oíche Oscailte
M.Fómh
30 2023
(Idirbhliain) Spriocdháta- Loch Garda
D.Fómh
02 2023
Lá Saor
Déan Teagmháil linn
Teagmháil / Contact
An Mhainistir,
Bóthar na Gráinsí,
Ráth Fearnáin,
Baile Átha Cliath 14,
D14 PP82


01 493 3335

Suíomh / Location
© 2023 Gaelcholáiste an Phiarsaigh