Gaelcholáiste an Phiarsaigh

Comóradh 10 mBliana

Ag ceiliúradh deich mbliana de Ghaelcholáiste an Phiarsaigh (Celebrating our ten year anniversary)
08-Deireadh Fómhair-24
Comóradh 10 mBliana
Ar an 19 Méan Fómhair 2024 bhí ceiliúradh againn sa scoil chun deich mbliana de Ghaelcholáiste an Phiarsaigh a cheiliúradh. Tugadh cuireadh do phobal uile na scoile, aimsir chaite agus láithreach, le hiar-dhaltaí, iar-thuismitheoirí, iar-mhúinteoirí agus baill den Bhord Bainistíochta ag filleadh le ceiliúradh le scoláirí, foireann agus tuismitheoirí reatha na scoile. Thosaigh an oíche amach linn ag seasamh ag taobhgheata na scoile agus an Múinteoir Joe ag déanamh achoimre beag ar stair na scoile. I ndiaidh sin chuir sé an bheirt dalta is óige sa scoil i mbliana, Eoin agus Róisin, in aithne dúinn a bhí ag cuidiú leis an taipseántas maraon le Rónán Ó Cinnéide, an scoláire is sine i rang an Phiarsaigh, an chéad rang a bhí ag an scoil ariamh. Le chéile chuir siad an cloch eibhir nua i láthair. Thug an Múinteoir Joe píosa cúlra dúinn ar an gcloch ansin, ba as Connemara don chloch gar do Rosmuc an áit ar saolaíodh an file Ardteiste Caitlín Maude agus tá an chloch breis is 4.5 milliún bliain d’aois. Scríofa in Ogham ar an gcloch tá na focail a deir an múinteoir Joe go rialta; Gaeilge, Meas agus Iarracht. Isteach linn sa halla agus sheinn an grúpa ceoil traidisiúnta agus cór na scoile cúpla amhrán dúinn. Freisin chuala muid ó scoláirí na tríú bliana, Avalily Nic Dhuarcain Ní Bhriain, Caoilinn Ní Chonchubhair agus Úna Ní Bhréartúin, iar-dhalta Mícheál de Faoite, an Múinteoir Fionnuala agus an Múinteoir Joe agus chéad Chathaoirleach na scoile agus iarr-bhall den Bhord, Lorcán Mac Gabhann. I ndiaidh sin bhí sóláistí ar fáil do gach duine: tae, caifé, ceapairí agus cáca ceiliúrtha blasta. Freisin bhí an deis ag gach duine breathnú tríd an eagrán speisialta de na bliainirisí ar fad a cuireadh le chéile go speisialta don ócáid.
Bhain gach éinne an-taitneamh as an oíche agus an lá dar gcionn tháinig veain uachtar reoite chun na scoile, rud a chuir gliondar croí ar na daltaí. Ceiliúradh iontach a bhí ann.
-Ella Ní Chatháin agus Mallaidh Ní Fhaircheallaigh
Feabh
17 2025
Briseadh Lár Téarma
Feabh
26 2025
Cluiche Iománaíochta (Sinsearaigh)
Már
03 2025
(Bliain 5) Aoichainteoir- Gaiety School of Acting
Már
04 2025
Cluiche Camógaíochta (Bl. 1, 2)
Már
06 2025
Turas Ealaíne (Bl. 5, 6 Ealaín)
Teagmháil / Contact
An Mhainistir,
Bóthar na Gráinsí,
Ráth Fearnáin,
Baile Átha Cliath 14,
D14 PP82


01 493 3335

Suíomh / Location
© 2025 Gaelcholáiste an Phiarsaigh