Gaelcholáiste an Phiarsaigh

Comórtas Cóir i Sligeach

Choral competition in Sligo
03-Nollaig-24
Comórtas Cóir i Sligeach

D'fhreastal cór na scoile ar chomórtas i Sligeach le déanaí. Léigh thíos an cur síos a rinne Oisín Ó Faoláin agus Oisín Ó Mathúna ón gcúigiú bliain ar an lá.

D’fhreastal cór na scoile ar chomórtas i Sligeach le déanaí agus bhí an-lá againn. Dhúisigh muid an-luath chun freastal ar an gcomórtas- d’fhágamar ar scoil ag 6.30 agus ansin thosaigh an turas bus. Ar an mbus d’éistíomar le ceol lenár gcluaisíní agus fuair muid beagán codlata mar go raibh lá fada os ár gcomhair. Nuair a shroicheamar an coláiste i Sligeach bhí ocras an domhain orainn. Chuamar chuig an ceaintín chun bricfeasta a fháil- bhí rolla bricfeasta againn agus cupán caifé. Nuair a bhí gach éinne críochnaithe ag ithe d’ullmhaíomar don cheardlann le Patrick Barrett. Rinne sé cúpla amhrán linn chun ár ngutha a théamh suas. Bhí ceithre scoil ann ach ní raibh aon bhuachaill eile ann seachas muid féin, Max agus Oisín eile. Chaitheamar roinnt ama ag cleachtadh agus ansin bhí comórtas ann. Bhí na scoileanna eile an-mhaith, bhí siad ag canadh le blianta, ach b’é seo ár gcéad chomórtas mar scoil. Thángamar sa tríú háit agus bhíomar an-sásta. Tá súil againn go mbeidh laethanta eile mar seo ag cór na scoile amach anseo.

No events found
21-Bealt-2025
Creative Schools Initiative- Video
04-Aib-2025
"High School Musical"
Teagmháil / Contact
An Mhainistir,
Bóthar na Gráinsí,
Ráth Fearnáin,
Baile Átha Cliath 14,
D14 PP82


01 493 3335

Suíomh / Location
© 2025 Gaelcholáiste an Phiarsaigh