Gaelcholáiste an Phiarsaigh

Comórtas Mionchomhlachta

15-Márta-24
Comórtas Mionchomhlachta

Bhí dhá ghrúpa scoláirí idirbhliana ar éirí leo dul ar aghaidh chuig craobh an chomórtais mhionchomhlachta idirbhliana le déanaí lena gcomhlachtaí 'Teas Deas' agus 'Cártaí Dúchas'. Is léir go bhfuil togha na fiontraíochta le fáil i nGCP!

Léigh thíos an cur síos a rinne Alesha Ní Cheallaigh agus Caoimhe Ní Bhriain de chuid 'Teas Deas' ar an eispéireas;

San idirbhliain tá rang mionchomhlachta againn agus bíonn deis againn grúpaí a dhéanamh lénár gcairde agus ár ngnóthaí féin a chruthú agus a reáchtáil. D'éirigh le dhá ghrúpa dul ar aghaidh chuig an óstán Maldron i dTamhlacht i gcomórtas 'Fiontar an Scoláire'; grúpa Teas Deas le hAlesha, Kate, Caoimhe, agus Sarah agus an grúpa Cártaí Dúchas le hÉloise agus Aibhín. Bhí meascán de mhionchomhlachtaí éagsúla ann le thart ar 20 scoil ó Bhaile Átha Cliath Theas. Bhí am againn ár seastáin a réitiú ag tús an lae, ag maisiú ár mboird agus ag maisiú na mballaí. Ansin tháinig na moltóirí timpeall agus chuir siad ceisteanna orainn faoinár dtáirgí. Bhí deis againn ansin siúl timpeall chun na seastáin eile a fheiceáil agus caint leis na hiomatheoirí eile. Bhí briseadh againn chun lón a fháil agus i ndiaidh sin bhí karaoke ar siúl. Níor bhuaigh muid, ar an drochuair, ach bhí fós an-spraoi againn ag caint leis na scoláirí eile, ag labhairt leis na moltóirí go léir, agus ag glacadh páirt sa karaoke! Lá an-ghnóthach agus spraíúil a bhí ann.
Aib
14 2025
Saoire na Cásca
Bealt
05 2025
Lá Saoire Bainc
Bealt
05 2025
(Idirbhliain) Taithí Oibre
Bealt
13 2025
Bronnadh- Gaelbhratach
Bealt
20 2025
Oíche Bhronnta na hIdirbhliana
04-Aib-2025
"High School Musical"
21-Már-2025
EU Translation competition
Teagmháil / Contact
An Mhainistir,
Bóthar na Gráinsí,
Ráth Fearnáin,
Baile Átha Cliath 14,
D14 PP82


01 493 3335

Suíomh / Location
© 2025 Gaelcholáiste an Phiarsaigh