Gaelcholáiste an Phiarsaigh

Comórtas Scléip!

08-Feabhra-23
Comórtas Scléip!

Ghlac scoláirí GCaP páirt i gcomórtas ceoil 'Scléip Gael Linn' le déanaí. D’éirigh go hiontach le scoláirí ó bhliain a agus a trí nuair a d’éirigh leo an chraobh réigiúnach a bhuachan i nGaillimh lena dtaibhiú ar ‘Mamma Mia’. D'fhreastal grúpa ar an gcraobh náisiúnta an tseachtain seo caite, agus cé nach raibh an t-ádh acu sa deireadh, b'iontach ar fad an léiriú a rinne siad! Beidh lá eile ag an bPaorach! Molaimid go mór scoláirí bhliain a haon as an taibhiú iontach a rinne siad ar ‘Wagon Wheel’ trí Ghaeilge freisin, chomh maith le Caoimhe agus Éabha ó bhliain a haon a rinne sár-taispeántais araon! Tá moladh faoi leith le dul chomh maith do na cailíní ón gcéad bhliain a sheas isteach do scoláirí na tríú bliana a bhí ag obair go dian ag ullmhú do na bréagscrúduithe- rinne siad sár-jab. Beimid ag súil le páirt a ghlacadh arís i Scléip amach anseo!

Cur síos ó Alex Ní C. & Tess Nic O. i mbliain 2

I mbliana ghlac na blianta sóisearacha páirt i gcomórtas Scléip . S’éard atá i gceist le Scléip ná comórtas idir scoileanna do chanadh, damhsa, drámaíocht nó ceol trí mheán na Gaeilge. Bhí grúpa againn ó bhliain 2,3 ag canadh agus ag damhsa. Phioc an múinteoir Dúlra an t-amhrán ‘Mamma mia’ agus chuir sí damhsa iontach leis. Tar éis cúpla seachtain de bheith ag cleachtadh go dian chuaigh muid go dtí ár gcéad chomórtas i gCo. na Gaillimhe ar an 31 de mhí Eanáir. Tar eis a bheith ar an mbus le haghaidh 3 uair bhí muid ansin agus bhí muid an-neirbhíseach. Tar eis cúpla uair de bheith ag fanacht agus ag cleachtadh chuaigh muid ar stáitse. D’fhan muid le haghaidh na torthaí ansin agus fógraíodh gur bhuaigh muid an chéad bhabhta! Níos déanaí sa bhliain chuaigh muid ar ais chun páirt a ghlacadh sa bhabhta ceannais. Ní raibh an t-ádh linn an uair sin ach bhí an-chraic agus spraoi againn.

Feabh
27 2024
Lá Saor do Scoláirí
Feabh
28 2024
Cluiche peile- Buachaillí Bl. 1
Már
07 2024
Idirbhliain- Ger Carey- Aoichainteoir
Már
18 2024
Lá Saoire Bainc (Lé 'le Pádraig)
Már
19 2024
Measúnuithe an Fhómhair Blianta 1,2,5
Déan Teagmháil linn
Teagmháil / Contact
An Mhainistir,
Bóthar na Gráinsí,
Ráth Fearnáin,
Baile Átha Cliath 14,
D14 PP82


01 493 3335

Suíomh / Location
© 2024 Gaelcholáiste an Phiarsaigh