Bhí téarma dochreidte ag foirne spóirt na scoile!
Bliain 1 ag cur Tús Iontach lena dTodhchaí Spóirt sa Scoil
Shroich cailíní cispheile na chéad bhliana an leathchraobh agus d'imir siad sárchluiche. Cé nár éirigh leo ar an lá, léirigh siad scil agus tiomantas den scoth- beidh lá eile ag an bPaorach!
D'éirigh le buachaillí na chéad bhliana an cluiche ceannais a shroicheadh sa pheil Ghaelach- éacht iontach! Léigh thíos an cur síos ó cheann de bhainisteoirí idirbhliana na foirne;
Bhí mí-ádh ar na buachaillí sa chluiche ceannais faraor, cluiche iontach a bhí ann agus bhí sé an-chóngarach tríd an gcluiche ar fad. Bhí sé ina chomh-scór cúpla uair le linn an chluiche ach sa 2 nóiméad deireanach d'éirigh leis an bhfoireann eile cúl a bhaint amach. D'imir na leaids go han-mhaith agus tá siad réidh le dul arís an bhliain seo chugainn.
Bua sa Chluiche Ceannais Cispheile (Buachaillí Bliain 2)
D'éirigh le foireann chispheile na mbuachaillí dara bliana an cluiche ceannais a bhuachan tar éis séasúr den chéad scoth a chur isteach! Táimid thar a bheith bródúil as an bhfoireann uilig agus gabhaimid ár mbuíochas leis na bainisteoirí idirbhliana agus leis an Múinteoir Tomás, a bhí leo gach céim ar an mbealach.
Léigh thíos cur síos ar an gcluiche ó bhainisteoir idirbhliana na foirne;
Bhí an fhoireann chispheile dara bliana thar barr i rith na sraithe ar fad agus níor chaill siad cluiche. Bhí siad ag teacht isteach go dtí an cluiche ceannais an-chompordach ach fós réidh le hobair. Thosaigh na buachaillí go maith agus iad ag fáil cúpla scór. Le linn an chluiche bhí pointí iontacha á scóráil acu, cinn mar fhoireann agus cinn aonaracha. Ní dheachaigh siad taobh thiar sa chluiche ar fad agus bhuaigh siad an cluiche go compordach. Ar aghaidh leo don bhliain seo chugainn!