Tá foirne spóirt na scoile ag treabhadh leo ó thús na bliana agus ag éirí thar barr leo. Molaimid pobal uile na scoile as na héachtaí spóirt iontacha atá bainte amach go dtí seo agus guímid gach rath ar na foirne sa leath-théarma os ár gcomhair.
Léigh thíos uasdátú ón Múinteoir Pádraig maidir le conas atá ag éirí le foirne na scoile
Cispheil na scoile:
F19 - Buachaillí
Bhuaigh an fhoireann seo 4 chluiche as 5 sa ghrúpa. Cáilithe don cluiche ceannais agus beidh sé sin ar siúl ar an 11/11 i gcoinne Scoil Cuimsitheach Baile Eoghain.
F19 - Cailíní
Tá dá chluiche buaite ag an bhfoireann agus dá chluiche fós le himirt sa ghrúpa. Beidh an dá chluiche ar siúl sa tseachtain ag tosú. (11/11 - 17/11)
F16 - Buachaillí
Bhuaigh an fhoireann seo 3 chluiche as 4 sa ghrúpa. Cáilithe don cluiche ceannais agus beidh sé sin ar siúl ar an 12/11 i gcoinne Naomh Chillian, Scoil Deutsche.
F16 - Cailíní
Tá trí chluiche buaite ag an bhfoireann agus cluiche amháin le himirt sa ghrúpa. Beidh an cluiche deirneach ar siúl ar an 13/11.
Iománaíocht/Camógaíocht na scoile:
Iománaíocht Sóisir
Bhuaigh an fhoireann seo an dá chluiche sa ghrúpa agus bhuaigh siad an cluiche ceathrú ceannais. Cáilithe don cluiche leathcheannais i gcoinne Scoil Teach na Giúise. Ag socrú dáta don chluiche seo faoi láthair.
Camógaíocht Sóisir
D'imir an fhoireann chamógaíochta sóisir dhá chluiche cóngarach sa ghrúpa i gcoinne Scoil Naomh Chillian agus Scoil Sancta Maria ach ní raibh an bua acu faraor
Peil Ghaelach na scoile:
Buachaillí Bliain 1
Bhuaigh an fhoireann an dá chluiche sa ghrúpa i gcoinne Griffeen CC agus Pobalscoil Cúil Mhaoin. Tá siad cláraithe don chluiche leathcheannais anois.