Déanaimid comhghairdeas le Laoise Ní Chathail, iarscoláire ó rang 2024, ar bronnadh gradam uirthi ag Fiontar agus Scoil na Gaeilge in ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath an tseachtain seo caite. Bhí an-bhród ar an Múinteoir Joe freastal ar an ócáid ar son na scoile agus táimid an-bhródúil go deo as Laoise agus as a comhscoláirí ó ranganna Ard Mhacha agus Aontroma as na héachtaí atá á mbaint amach acu sa saol mór. Sa ghrianghraf iniata tá Laoise agus an Múinteoir Joe, in éineacht leis An Dr Gearóidín Ní Laighléis, agus Uachtarán an choláiste An t-ollamh Daire Mac Eochaidh.
Maith thú Laoise!