Bíonn Amelia Ní Fhearguis i gcónaí inár gcuimhne agus an tseachtain seo caite d'eagraigh a cairde Lá Bándearg agus díolachán cácaí ar son na Palaistíne i gcuimhne uirthi. Thaitin an dath bándearg go mór le hAmelia agus b'álainn an rud é pobal uile na scoile a fheiceáil á chaitheamh ar a son agus le hairgead a bhailiú ar son dea-chúise. Bhí caighdeán dochreidte ard ag an díolachán cácaí a d'eagraigh na cailíní in éineacht leis an bPríomhoide Joe agus bhain na scoláirí uile an-sult as an lá. Coinnímid Amelia agus a clann uile inár gcuimhne. Lá álainn a bhí ann.