Bhí lá folláine againn sa scoil ag deireadh mí Eanáir ina raibh gach rang dírithe ar an bhfoghlaim trí chomhoibriú, idirghníomhaíocht agus spraoi. Féach thíos cur síos ar an lá ó Aoibhín Ní Rothláin i mbliain 2 agus roinnt grianghraf dár scoláirí i mbun foghlama.
Ar an Aoine, an 20ú Eanáir, bhí lá foghlama trí spraoi againn chun cabhrú linn leis an strus de mhí Eanáir agus an obair ar fad . Bhí rang dúbailte eolaíocht ag mo rang ag tús an lae agus don dara leath, d’imríomar cluiche ag úsáid téarmaí agus eochairfhocail a d'fhoghlaimíomar. Sa rang Gaeilge rinneamar rince Gaelach a bhí bainteach le hobair a bhíomar á dhéanamh agus i mBéarla, d’imríomar cluiche de ‘hangman’ ag usáid focail as an leabhair a bhíomar ag léamh. Bhí ranganna eile ag déanamh gníomhaíochtaí cosúil le rás na dtéacsanna, códbhriseadh agus tóraíocht taisce bunaithe ar na rudaí ar fhoghlaim siad an tseachtain sin. Mar gheall gur leath lá a bhí ann, mhothaigh mé go ndeachaigh sé an-tapaidh. Bhí an lá an-spraíúil!