Gaelcholáiste an Phiarsaigh

Mamó Mia!

08-Bealtaine-24
Mamó Mia!

Bhain rang na hidirbhliana éacht amach le déanaí lena léiriú dochreidte den cheoldráma 'Mamó Mia'! Léigh thíos an cur síos a rinne Sarah Breathnach agus Aodh Ó Muilleoir ar an eispéireas;

I mbliana bhí an deis againn ár gceoldráma, “Mamó Mia” a chur ar stáitse. Bhí an-spraoi againn sa phróiseas uile. Ag tús na bliana, sula raibh a fhios againn cén ceoldráma a bhí ann, bhí orainn na héisteachtaí a dhéanamh. I gcomhair na héisteachtaí bhí ar na cailíní “Tomorrow” a chanadh ón gceoldráma Annie agus bhí ar na buachaillí “My Way” le Frank Sinatra a chanadh os comhair painéal den mhúinteoir Dónal, le múinteoirí an cheoldráma agus an Múinteoir Aoife- agus uaireanta an múinteoir Joe! Tar eis a lán smaoineamh o na múinteoirí phioc siad Mamó Mia a dhéanamh, bhí beagnach gach duine ar bís faoin rogha. D’aistrigh an Múinteoir Joe an script go Gaeilge agus bhí muid réidh le dul. Cúpla seachtaine níos déanaí fuair muid ár rólanna agus thosaigh na cleachtaí. Bhí an Múinteoir Dúlra agus an Múinteoir Marianna i gceannas ar an gceol- bhí thart ar 20 amhrán againn le foghlaim agus ceapaim go raibh gach duine ag mothú “under attack” leis an mbrú. Bhí ranganna damhsa againn leis an Múinteoir Zelda gach seachtain agus bhí sí iontach ag teacht suas leis na damhsaí agus ag múineadh dúinn iad. Freisin tháinig an Múinteoir Neasa isteach chun cabhair a thabhairt dúinn leis na damhsaí agus roinnt cinn nua a mhúineadh dúinn, bhain muid go léir taitneamh as. Bhí an Múinteoir Michaela agus an fhoireann stáitse i gceanas ar gach rud taobh thiar den stáitse, mar shampla ag cruthú na gcúlraí agus ag socrú na bhfrapaí. Freisin bhí an Múinteoir Michaela i gceannas ar an bhfoireann fheistis, rinne siad eagrúcháin ar na feistis a bhí le caitheamh ag na carachtair éagsúla agus na damhsóirí. Bhí an Múinteoir Dónal i gceannas ar an obráid go léir, an aisteoireacht, na soilse, an fhuaim, na cleachtaí i rith am scoile, tar éis na scoile agus thar an deireadh seachtaine. Bhí an-spraoi againn go léir. Bhí se tuirsiúl ach bhí an-chraic againn agus ní dhéanfaidh muid dearmad ar an eispéireas go deo.

Sarah Breathnach & Aodh Ó Muilleoir

Samh
11 2024
(Idirbhliain) Páirc an Chrócaigh
Samh
11 2024
Cluiche Cispheile- Buachaillí Faoi 19- Ceathrú Ceannais
Samh
12 2024
Cispheil na mBuachaillí- Faoi 16- Ceathrú Ceannais
Samh
13 2024
Cluiche cispheile- Cailíní Faoi 16
Samh
14 2024
Bliain 5 Cruinnithe Tuismitheoirí/Múinteoirí/Scoláirí
08-D.Fómh-2024
Ag ceiliúradh deich mbliana de Ghaelcholáiste an Phiarsaigh (Celebrating our ten year anniversary)
Déan Teagmháil linn
Teagmháil / Contact
An Mhainistir,
Bóthar na Gráinsí,
Ráth Fearnáin,
Baile Átha Cliath 14,
D14 PP82


01 493 3335

Suíomh / Location
© 2024 Gaelcholáiste an Phiarsaigh