Bhain pobal uile na scoile an-taitneamh as an oíche oscailte a bhí againn le déanaí. B'álainn dúinn fáiltiú roimh dhaltaí i ranganna a cúig agus a sé agus a dtuismitheoirí. Chuir ár scoláirí taispeántas iontach ar fáil de bhuanna agus de ghníomhaíochtaí sna hábhair éagsúla- molaimid iad uilig!
Léigh thíos an cur síos a rinne Louis Ó Maoláin agus Calum Ó Briain, a bhí mar threoraithe, ar an oíche.
Bíonn atmaisféar iontach sa scoil don oíche oscailte. Bíonn daltaí ó gach bliain sa scoil ag comhoibriú chun taispeántas a chuir ar fáil do chuairteoirí. Bhí go leor rudaí éagsúla le feiceáil ar an oíche. Mar shampla sna saotharlanna léiríodh raon de thurgnaimh eolaíochta éagsúla. Rinne an roinn ceoil ceolchoirm iontach agus bhí cácaí blasta ar fáil sa seomra eacnamaíocht bhaile. Bhí cluichí agus gníomhaíochtaí ar bun sna seomraí éagsúla, cluiche tomhais sa seomra gnó, cluichí boird i seomraí na dteangacha, cluichí péire sa seomra staire agus go leor rudaí eile.
Bhí muid san idirbhliain ag obair mar threoraithe, thógamar na páistí agus na tuismitheoirí ar turas timpeall na scoile. Chur muid fáilte rompu ag doras an halla le cártaí agus cóip den réamheolaire, sular thosaíomar ar an turas. Bhí sé iontach dul tríd na seomraí éagsúla agus an méid a bhí ar siúl a thaispeáint.