Bhí bua an cheoil le brath go tréan sa scoil le déanaí agus ár scoláirí ag ullmhú don chomórtas tallaine 'Scléip', de chuid Gael Linn. D'éirigh thar barr leis na grúpaí agus cuireadh ar aghaidh iad chuig an gcraobh náisiúnta! Comhghairdeas leo uilig! Léigh thíos an cur síos a rinne Avalily Ní Dhuarcáin Bhriain, Caoimhe de Búrca agus Aoife Noctor ó rang 2A ar an gcomórtas;
An tseachtain seo caite d'fhreastalaíomar ar an gcomórtas tallaine ‘Scléip’. Bhí cuid mhaith scoláirí san iomaíocht ó GCaP! Bhí slua amhránaíochta ‘Barbie’ ina raibh cailíní ó Bl.1,2 agus 4 ag canadh agus ag damhsa, agus bhí Leon ó Bl.5 ina 'Ken'. Freisin bhí banna ceoil san iomaíocht againn, bhí Caoimhe de Búrca ag canadh, Úna Ní Bhréartúin ag seinm an mhéarchláir, bhí Conor Ó Broin againn ar an ngiotár leictreach agus bhí Tadhg Mac an Úcaire ag seinm an dordghiotáir. Bhi triúr scoláirí ag canadh ina n-aonair, agus bhí Úna ag seinm an mhéarchláir sa chomórtas aonair chomh maith. Bhí an-spraoi againn agus chuaigh an dá ghrúpa ar aghaidh go craobh na hÉireann. Go n-éirí linn!