Gaelcholáiste an Phiarsaigh

Seachtain 'Seas an Fód' 2023!

17-Samhain-23
Seachtain 'Seas an Fód' 2023!

Bhí spiorad iontach sa scoil le seachtain anuas, agus muid ag ceiliúradh na difríochtaí eadrainn, ag foghlaim faoin gcomhionnanas agus ag léiriú tacaíochta don phobal LADT+ mar chuid de 'Seas an Fód'. Léigh thíos cur síos scríofa ag Éloise Ní Ruaidh agus Aibhín Ní Éanna (Bl.4) maidir le himeachtaí na seachtaine.

Ar an Déardaoin d’eagraigh an Múinteoir Amy agus an Coiste Folláine “Lá na gCluichí” ar an stáitse sa halla spóirt do na ranganna ar fad sa scoil. Bhí stalla péinteáil ingne, péinteáil aghaidhe, stalla gruaige, agus stalla ceardaíochta agus bráisléid, go léir ag baint leis na téamaí Bróid de LADT+. Chuireamar ceol ar siúl sa chúlra agus tá siúl agam gur bhain gach duine taitneamh as. Bhí comórtas filíochta agus dánta ar súil sa scoil i rith na seachtaine freisin. Bhí na hiontrálacha go léir ar ard-chaighdéan!!

I rith na seachtaine chuir na múinteoirí na daltaí ar eolas faoi stair agus téarmaí bainteach leis an bpobal LADT+ sna ranganna OSPS. D'fhoghlamaíomar conas tacaíocht cheart a tabhairt do dhaoine mar bhall den phobal.Bhí an scoil lán le maisiúcháin ildaite a chur le atmaisféar dearfach na scoile. Sa tréimhse deireanach ar an Aoine, chuir an Coiste Folláine tráth na gceist ar súil do phobal na scoile leis an téama de cheol LADT+. Bhí trí bhabhta i gceist leis, le gach babhta ag díriú ar aois cheoil faoi leith. Bhí comhscór ann ar deireadh idir 3 ghrúpa éagsúil!

An Luan ina dhiaidh, tháinigh an scoil go léir isteach gléasta i ndathanna éagsúla, ag brath air an mbliainghrúpa ina raibh siad. Bhailíomar sa halla ar maidin agus d'eagraíomar muid féin i gcruth bogha báistí. Thógamar cúpla grianghraf agus rinne muid go léir an damhsa "rock the boat". Seachtain iontach a bhí ann.

Noll
04 2023
Taithí Oibre 2 na hIdirbhliana
Noll
08 2023
Scátáil Oighir (Bliain 6)
Noll
11 2023
Scátáil Oighir (Bliain 4)
Noll
14 2023
Cluiche Peile- Buachaillí Sóis.
Noll
15 2023
Scannán Nollag (Bliain 5)
Déan Teagmháil linn
Teagmháil / Contact
An Mhainistir,
Bóthar na Gráinsí,
Ráth Fearnáin,
Baile Átha Cliath 14,
D14 PP82


01 493 3335

Suíomh / Location
© 2023 Gaelcholáiste an Phiarsaigh