Gaelcholáiste an Phiarsaigh

Seachtain na Gaeilge 2023

23-Márta-23
Seachtain na Gaeilge 2023

Bhí Seachtain na Gaeilge den chéad scoth againn i nGaelcholáiste an Phiarsaigh i mbliana agus bhaineamar taitneamh ollmhór as a bheith ag ceiliúradh ár dteanga agus ár gcultúr.

Féach thíos cur síos scríofa ag scoláire Idirbhliana ar roinnt de na himeachtaí a bhí ar bun againn.

SnaG 2023

Agus muid ag ceiliúradh Seachtain na Gaeilge i mbliana bhí bliain a 4 i gceannas ar roinnt de ghníomhaíochtaí na seachtaine.

Rinnemar clocha oghaim as páipéar nuachtáin agus taos. Nuair a bhí siad tirim, phéinteáil muid iad liath sgus chuireamar códanna QR orthu. Sna códanna bhí seanfhocail Ghaeilge a bhí meascatha suas. Chuaigh ranganna éagsúla timpeall na scoile ag scanadh na códanna QR agus an chéad ghrúpa le gach seanfhocail réitithe, bhí an bua acu.

Rinne roinnt daltaí ón idirbhliain céilí le gach bliainghrúpa sa scoil. Chaitheamar an lá ar fad ag múineadh agus ag damhsa.

Lá amháin tháinig roinnt bunscoileanna isteach agus rinnemar an céilí leo chomh maith.

Rinneamar tráth na gceist leis an scoil faoi dhaoine, áiteanna agus firicí cultúrtha faoi Éire.

Ar an lá roimh Lá Fhéile Pádraig d'imríomar cluichí le gach bliainghrúpa sa scoil. Bhí chluichí ar nós rás uibh agus spúnóg, caitheamh péire buataisí uisce, téidléimneach agus cúrsa bacainní preabchaisleáin ann.

Bhí seachtain iontach againn ar fad.

M.Fómh
27 2023
(Idirbhliain) DSPCA- Rang Chill Dara
M.Fómh
28 2023
Cluiche Peile- Cailíní Sóisearacha
M.Fómh
28 2023
Oíche Oscailte
M.Fómh
30 2023
(Idirbhliain) Spriocdháta- Loch Garda
D.Fómh
02 2023
Lá Saor
Déan Teagmháil linn
Teagmháil / Contact
An Mhainistir,
Bóthar na Gráinsí,
Ráth Fearnáin,
Baile Átha Cliath 14,
D14 PP82


01 493 3335

Suíomh / Location
© 2023 Gaelcholáiste an Phiarsaigh