Gaelcholáiste an Phiarsaigh

Seachtain na hEolaíochta agus na Matamaitice

23-Samhain-23
Seachtain na hEolaíochta agus na Matamaitice

Rinneamar ceiliúradh ar an mata agus an eolaíocht ar scoil le déanaí le seachtain na heolaíochta agus na matamaitice. D'fhorbraíomar ár scileanna fadhbréiteacha agus chuireamar lenár bhfeasacht trí bheith ag obair le chéile ar thascanna gníomhacha.

Léigh thíos an cur síos a rinne Erin Ní Chearúil, Max de Hamtún agus Fionnán Ó Conchubhair ón idirbhliain ar a ról mar chúntóirí eolaíochta na seachtaine agus Aoibheann Ní Eoghamáin agus Rían de Bhátún ón gcéad bhliain ar na gníomhaíochtaí a bhí ar bun acu.

Le haghaidh seachtain na hEolaíochta agus na matamaitice bhí a lán gníomhaíochtaí éagsúla ar siúl againn. Bhí an idirbhliain ag cabhrú leis na blianta eile ar fad agus bhí an triúir againn mar chinnirí. Chuir an múinteoir Emma a lán iarrachta isteach chun na cluichí is spraíúla a chruthú. Mar shampla; Rinne an chéad bhliain “Tóraíocht Taisce Eolaíochta agus Matamaitice”. Bhí siad ag rásaíocht timpeall na scoile chun fadhbanna a réiteach. Rinne an dara bhliain “dúshláin titim uibhe”, bhí orthu ábhar éagsúil a úsáid chun ubh a choimeád sábháilte nuair a scaoileadh é. Rinne an tríú bliain conair mata, cluiche spraíúil ina raibh ceisteanna mata le freagairt chun cosán a chruthú. Bhí an idirbhliain ag cabhrú leis na múinteoirí i rith na seachtaine chun na cluichí éagsúla a rith. Rinne an cúigiú bliain “Ráib ailgéabair”. Chuaigh siad go stáisúin éagsúla le ceisteanna difriúla iontu agus bhí an bua ag foireann amháin. Rinne an séú bliain “carn cupáin” le cur lena bhfeasacht eolaíochta. Seachtain iontach a bhí ann.

Erin Ní Chearúil, Max de Hamtún agus Fionnán Ó Conchubhair

I dtréimhse 1 agus 2 ar an Déardaoin rinne bliain a haon ar fad tóraíocht taisce Eolaíochta agus Mata. Bhí muid ag dul timpeall na scoile ag féachaint ar ceisteanna agus ag aimsiú rudaí. Bhí an bua ag an gcéad ghrúpa ar ais go dtí an halla- Kate agus Archie. Bhí Múinteoirí Emma, Aoife agus Caragh ansin ag cabhrú linn agus scoláirí ó bhliain 4 freisin. Bhí orainn rudaí eolaíochta a aimsiú, m.s.h. rud maighnéadach, rud a fhrithchaitheann solas agus rudaí eile suimiúla. Bhí orainn ceisteanna mata a dhéanamh freisin. Bhí an-spraoi ag gach duine.

Aoibheann Ní Eoghamáin agus Rían de Bhátún

Feabh
27 2024
Lá Saor do Scoláirí
Feabh
28 2024
Cluiche peile- Buachaillí Bl. 1
Már
07 2024
Idirbhliain- Ger Carey- Aoichainteoir
Már
18 2024
Lá Saoire Bainc (Lé 'le Pádraig)
Már
19 2024
Measúnuithe an Fhómhair Blianta 1,2,5
Déan Teagmháil linn
Teagmháil / Contact
An Mhainistir,
Bóthar na Gráinsí,
Ráth Fearnáin,
Baile Átha Cliath 14,
D14 PP82


01 493 3335

Suíomh / Location
© 2024 Gaelcholáiste an Phiarsaigh