Gaelcholáiste an Phiarsaigh

Stoirm Éowyn

23-Eanáir-25

Teachtaireacht dár bpobal scoile ón bPríomhoide, an Múinteoir Joe

A message for our school community from our principal, an Múinteoir Joe

A chairde,
Mar a d'fhógair an Grúpa Comhordaithe Éigeandála Náisiúnta, beidh an scoil dúnta amárach de bharr na stoirme a bhfuiltear ag súil léi.
Dá mba rud leanúnach é seo bheimis ag moladh ranganna a mhúineadh ar líne ach ó tharla gur ócáid aon uaire é seo ní bheimid ina bhun sin amárach.
Is deis é seo ina bhféadfadh scoláirí breith suas ar a gcuid oibre, go háirithe iad siúd a bheidh ag tabhairt faoi bhréagscrúduithe go ríghairid.
Bainfidh roinnt múinteoirí leas as an deis, más cuí, chun obair a thabhairt do na scoláirí le linn dóibh a bheith sa mbaile.
Is cuid thábhachtach den oideachas agus den saol oibre an fholláine agus b’fhéidir go ndéanfaidh an lá saor maitheas d’fholláine an uile dhuine!
Cuirfear an margadh bácála agus lá bándearg a bhí le bheith ar siúl amárach i gcuimhne ar Amelia siar go dtí an Aoine seo chugainn.
Tugaigí aire daoibh féin amárach!
A chairde,
As announced by the National Emergency Co-ordination Group the school will be closed tomorrow due to the expected storm.
If this was a long-term issue, we would be recommending online teaching but since it is a once off event this will not be necessary.
This is an opportunity for students to catch up on their work, especially those who are facing into mock examinations very soon.
Teachers may decide to assign work to the students to complete at home.
Health and Wellbeing are important elements of education and working life and tomorrow may benefit our wellbeing!
The planned cake sale and pink day in memory of Amelia will be rescheduled for Friday week, the 31st of January.
Stay safe tomorrow!
Le gach dea-ghuí,
Joe
Feabh
17 2025
Briseadh Lár Téarma
Feabh
26 2025
Cluiche Iománaíochta (Sinsearaigh)
Már
03 2025
(Bliain 5) Aoichainteoir- Gaiety School of Acting
Már
04 2025
Cluiche Camógaíochta (Bl. 1, 2)
Már
06 2025
Turas Ealaíne (Bl. 5, 6 Ealaín)
Teagmháil / Contact
An Mhainistir,
Bóthar na Gráinsí,
Ráth Fearnáin,
Baile Átha Cliath 14,
D14 PP82


01 493 3335

Suíomh / Location
© 2025 Gaelcholáiste an Phiarsaigh