Turas Ealaíne na Sraithe Sinsearaí

Senior Cycle art trip
18-Márta-25
Turas Ealaíne

Chuaigh scoláirí ealaíne na cúigiú agus na séú bliana ar turas le déanaí chuig an nGailearaí Náisiúnta agus ar turas sceitseála chun tacú lena gceird. Léigh thíos cur síos a rinne Aibhín Ní Éanna (Bliain 5) ar an lá

Chuamar ar turas ealaíne chuig Gailearaí Náisiúnta na hÉireann agus an RHA le déanaí. Thaispeáin treoraí timpeall na dánlainne muid, agus thug sí go leor eolais dúinn faoi na saothair ealaíone, na healaíontóirí, an foirgneamh agus stair na háite a bhí suimiúil agus úsáideach. Chonaiceamar roinnt dealbhóireachta freisin, cosúil le “An Dún Cuimhneacháin” le Brian King.
Chuaigh muid ar turas sceitseála ansin agus tharraing muid saothair ón ngailearaí. Bhain muid an-sult as an eispéireas agus chabhraigh sé le mo scileanna agus eolas ealaíne.
Chomh maith leis sin, chuaigh muid ar turais chuig an RHA, ina raibh ealaín níos comhaimseartha le feiceáil. Bhí sé suimiúil an difríocht idir an dá ghailearaí a fheiceáil, agus bhí mé an-bhuíoch as an deis a fháil.
Turas EalaíneTuras EalaíneTuras Ealaíne
Ean 15
2026
Cluiche Cispheile- Cailíní, bl. 1, 2
Ean 15
2026
Bl. 1 -Cruinniú Tuismitheoirí/Múinteoirí/Scoláirí
Ean 20
2026
Ceathrú Ceannais na hÉireann- Cispheil na bhFear
Ean 22
2026
(Bliain 3) The Merchant of Venice
An Mhainistir, Bóthar na Gráinsí, Ráth Fearnáin, Baile Átha Cliath 14, D14 PP82.
01 493 3335
Enquire
Suíomh / Location
© 2026 Gaelcholáiste an Phiarsaigh