D'fhreastal ranganna eolaíochta na chéad agus na dara bliana ar cheardlanna in iarsmalann W5 i mBéal Feirste. D'fhoghlaim siad go leor faoin eolaíocht agus faoin teicneolaíocht agus bhí spraoi acu chomh maith. Tá cur síos ar an turas thíos scríofa ag Ryan Ó Duineacha agus Lara Ní Ruairc atá i mbliain 2 agus Archie Boughton, Clodagh Ní Ruáin agus Oisín Ó Maoláin atá i mbliain 1.
Ar an Déardaoin roimh an mbriseadh chuaigh muid go dtí iarsmalann W5 i mBéal Feirste. Rinne muid gníomhaíochtaí spraíúla mar shampla bhí muid ag dreapadh ar dhréimire ollmhór. Bhí bliain a haon ag cruthú rollchóstór freisin. Bhí bliain a dó ag cruthú rudaí teicneolaíochta le cadhnraí. Bhí an-spraoi ag na daltaí go léir ar an turas.
Archie Boughton, Clodagh Ní Ruáin agus Oisín Ó Maoláin
Chuaigh Bliain a hAon agus Bliain a Dó go dtí músaem eolaíochta i mBéal Feirste le déanaí. Rinne gach rang ceardlann difriúil. Rinne rang 2A ceann faoin gceol leictreach agus rang 2B ceann faoi thine agus rinne siad cruthanna beaga le Plástar Pháras. D’fhoghlaim muid faoin tionchar a bhíonn ag nítrigin leachtach ar bhalúin freisin. Rinne Bliain a hAon A agus B ceardlann shuimiúl faoi rollchóstóir. I ndiaidh na gceardlanna, rinne gach rang dreapadh ar an mballa dreapadóireachta. Bhí deis ag gach duine dul timpeall na seomraí ag deireadh na cuairte freisin. Bhí sé thar barr.
Ryan Ó Duineacha agus Lara Ní Ruairc