Gaelcholáiste an Phiarsaigh

Turas go 'Zipit'!

13-Meán Fómhair-23
Turas go 'Zipit'!

Bhain scoláirí na hIdirbhliana an-taitneamh ar fad as turas go Zipit an tseachtain seo caite. Léirigh siad a gcrógacht agus iad ag dreapadh ó chrann go crann ar rópaí arda. Léigh thíos cur síos ar an turas scríofa ag Fionnán, Eoghan agus Ailin.

Bhí ár gcéad thuras amach ón scoil againn ar an 6ú Meán Fómhair. D’imíomar go dtí ZipIt. Is cúrsa amuigh faoin aer ar rópaí arda é “Zipit” lonnaithe i gcoill i dTigh Bródáin. Bhí an-spraoi againn ar fad. Ar dtús chuir an múinteoir Conal muid go léir i ngrúpaí éagsúla agus bhí an múinteoir Aoife ag tógáil grianghraif dúinn leis an bhfeisteas ar fad orainn. Bhí 4 leibhéal deacrachta ag na cúrsaí; oráiste, bán, gorm agus dearg. Thóg an t-ionduchtú thart ar fiche nóiméad. Múineadh dúinn conas na gearrthóga a úsáid, na rothaí a zipeáil agus conas ár ngearrthóga a bhaint de na rópaí. Tar éis an réamhrá bhí muid réidh le dul. Bhí orainn céimeanna éagsúla a chur i gcrích, le gach céim ag éirí níos deacra agus níos airde de réir a chéile. B’fhearr le roinnt daoine a gcosa a choimeád ar an talamh 😅! Chuaigh ceann de na ziplínte thar an bpáirc ar fad go han-tapa. D'fhéadfá radharc iontach a fheiceáil den pháirc eachtraíochta iomlán agus den nádur timpeall uirthi. Ba é an cúrsa dearg an cúrsa ba dhúshlánaí. Bhí sé an-dian. Bhí lá iontách ar fad agann agus mhothaigh muid thar a bheith torthúil tár éis an cúrsa go léir a criochnú.

D.Fómh
14 2024
(Bl. 6) Aoichainteoir- UCD
D.Fómh
14 2024
Cispheil na gCailíní- Faoi 16/19
D.Fómh
14 2024
(Bl. 5) Aoichainteoir- OÉ Má Nuad
D.Fómh
15 2024
(Bl. 6) Aoichainteoir- Gaiety school of acting
D.Fómh
15 2024
Cluiche Camógaíochta- Sóisearaigh
08-D.Fómh-2024
Ag ceiliúradh deich mbliana de Ghaelcholáiste an Phiarsaigh (Celebrating our ten year anniversary)
Déan Teagmháil linn
Teagmháil / Contact
An Mhainistir,
Bóthar na Gráinsí,
Ráth Fearnáin,
Baile Átha Cliath 14,
D14 PP82


01 493 3335

Suíomh / Location
© 2024 Gaelcholáiste an Phiarsaigh