Bhí lucht na chéad bhliana ar turas le déanaí mar chuid den fhoghlaim faoin timpeallacht agus faoin gcaomhnú. Thíos tá cur síos ar an turas ag Tríona Nic R. & Avalily Ní D.
D’imigh bliain a haon ar turas chuig Ionad ‘Bruscar go Fuinneamh’ BÁC agus bhí an-spraoi againn. Bhí an turas bus lán le craic ag éisteacht le ceol agus ag caint. Nuair a shroich muid an foirgneamh bhí boladh aisteach ann ach nuair a d’imíomar isteach d’éirigh sé níos fearr. Bhí an turas briste i ndá chuid. Ar dtús rinne bean darbh ainm Tracey cur i láthair dúinn faoin méid a bhí siad ag déanamh. Ansin chuir siad muid i ndá ghrúpa agus thaispeáin siad an próiseas dúinn. Tógann siad an bruscar agus dónn siad é chun fuinneamh a dhéanamh as. D’imir muid roinnt cluichí tar éis agus tháinig muid ar ais go dtí an scoil. Bhí sé an-suimiúil ar fad. Turas iontach, spraíúil a bhí ann!