Bhí deis ag scoláirí na hidirbhliana cuairt a thabhairt ar Bharcelona thar bhriseadh na Cásca agus bhain siad sárthaitneamh as an turas! Iniata thíos tá cur síos a rinne Banbha & Ava ó rang Luimnigh ar an turas.
Turas chun na Spáinne
Chuamar ar thuras iontach chuig an Spáinn thar bhriseadh na Cásca. Chuamar ón 12ú go dtí an 15ú de Mhí Aibreáin. Bhí na laethanta lán le gníomhaíochtaí agus spraoi! D’fhanamar in óstán Santa Maria Playa i Salou agus thug muid cuairt ar Bharcelona. Turas den scoth a bhí ann agus cuimhneoidh muid air go deo!
Lá a haon
Tráthnóna Dé Sathairn bhuaileamar leis na múinteoirí Fiachra, Emma, Lana, Dónal agus Micheál san aerfort. Fuaireamar eitleán go dtí aerfort Girona agus bus uaidh sin go Salou. Bhí sé an-déanach faoin am a shroicheamar an t-óstán, timpeall 1.30 RN, agus chuamar díreach chuig na seomraí le codladh.
Lá a dó
Dhúisíomar go luath ar maidin chun cuairt a thabhairt ar Port Aventura. Thóg muid bus chun na páirce agus ansin bhí cead againn pé rud ar mhian linn a dhéanamh. Bhí an-spraoi againn ar na rollchóstóirí ar fad. Bhí na scuainí an-fhada agus mar sin cheannaigh roinnt daoine na ticéid ‘fast-pass’. Chomh maith leis sin chaith muid roinnt ama ag siúl timpeall agus ag ceannach bia. Chaitheamar
beagnach an lá ar fad sa pháirc ó a haon déag an chlog go dtí leath uair tar éis a cúig. Ina dhiaidh sin chuamar ar ais chuig an óstán agus bhí am saor againn.
An oíche sin fuaireamar bus chuig ionad babhlála. D’imir muid i ngrúpaí de chúigear. Bhí an-spraoi againn ag imirt na gcluichí stuara ina dhiaidh chomh maith. Tar éis ár ndinnéir bhí rogha againn siúl chuig an siopa. Chuamar isteach i ngrúpaí de dheichniúr ag an am. Cheannaigh daoine milseáin, cuimhneacháin agus bráisléid.
Lá a Trí
Maidin Luain chuamar go dtí iarsmalann eolaíochta CosmiCaixa. Ligeadh dúinn dul timpeall na hiarsmalainne ar feadh trí uair agus bhí rudaí suimiúla le breathnú orthu. Thaitin an t-uisceadán ollmhór agus an ceantar mór lán le hainmhithe ón bhforais bháistí le cách. Bhí nathracha, éin, turtair agus fiú capabaraí ann! Ina dhiaidh sin chuamar ar ais ar an mbus agus bhí turas timpeall chathair Bharcelona againn. Taispeánadh an chathair álainn dúinn, agus bhí roinnt deiseanna againn tuirlingt ón mbus. Ba iad na háiteanna ba mhó cáil a chonaiceamar ná an Staid Barcelona, agus an Basílica de la Sagrada Família! Nuair a shroicheamar an t-óstán arís rinneamar cinneadh saghas spontáineach cuairt a tabhairt ar an trá. Chuamar ag snámh ar feadh tamaill, bhí an-spraoi againn go léir. Ag deireadh an lae bhí dinnéar againn, agus an oíche sin chuamar go dtí an siopa áitiúil le sneaiceanna nó cuimhneacháin a ceannach. Lá gnóthach ach lán le spraoi a bhí ann.
Lá a Ceathair
Dhúisíomar go luath ar maidin agus d’fhág muid an t-óstán ag a hocht a chlog. Chuamar ar an mbus agus thiomáin muid uair go leith go Monstserrat. Bhí dhá uair againn d’am saor le siúl timpeall. Bhí seans againn pictiúir a ghlacadh agus breathnú sna siopaí. Bhuaileamar ar ais ag an mbus ag a leath uair tar éis a dó dhéag. Ansin d’imíomar chuig an ionad siopadóireachta Gran Via 2. Bhí am saor againn le lón a fháil, rudaí a cheannach agus siúl timpeall. Ina
dhiaidh sin bhí tiomáint ghearr go haerfort Barcelona againn agus abhaile linn. Bhaineamar an-taitneamh as an turas!
Banbha Ní Laoire & Ava Ní Bhroin