Gaelcholáiste an Phiarsaigh

Turas na hIdirbhliana chun na hIodáile!

11-Aibreán-24
Turas na hIdirbhliana chun na hIodáile!

Bhí turas den chéad scoth ag scoláirí na hIdirbhliana uile thar bhriseadh na Cásca! Chaith siad 4 lá ag taisteal i dtuaisceart na hIodáile in éineacht leis na múinteoirí Conal, Aoife, Stacey, Pádraig agus Marianna. Fuair siad blaiseadh de chultúir éagsúla agus bhí eispéireas den scoth acu- bhain gach éinne an-taitneamh as an turas, idir mhúinteoirí agus scoláirí. Léigh thíos an cur síos a rinne Oisín Ó Mathúna agus Lorcán Ó Bréartúin ar an turas!

Chuamar go dti an Iodáil on Máirt 2ú go dtí Aoine 5ú Aibreán 2024. Chaith muid an tseachtain ag dul ar turais éagsúla timpeall na hIodáile agus bhí a lán spraoi againn le chéile. D’fhanamar in ostan San Zeno ag breathnú amach ar Loch Garda. Bhi an turas iontach agus an-spraíúil agus ní dhéanfaidh me dearmad air.

Lá 1
Ar an Máirt bhuail muid leis na múinteoirí Conal, Aoife, Stacey, Marianna agus Pádraig san aerfort agus thaistealaíomar go Milano agus fuaireamar ar bhus chuig Verona. Bhí am againn chun bia a fháil le chéile i mbialanna difriúla sula ndeachaigh muid ar thuras timpeall an aimfitéatair agus chuig balcóin Juliet. Bhí an t-aimfitéatar galánta sa ghrian agus ollmhór. Bhí balcóin Juliet ar an lámh eile plódaithe le daoine- níor chaith muid mórán ama ansin. Ag deireadh an lae chuamar ar ais chuig an óstán agus d'ith muid dinnéar agus dimir muid snúcar.

Lá 2
Ar an gCéadaoin chuamar chuig an Veinéis. Bhí mé beagáinín buartha mar gheall go raibh scamaill sa spéir agus cheap mé go dtosódh sé ag cur báistí ach i gcaitheamh an lae ghealaigh rudaí agus bhí an ghrian ag lonrú. Tar éis dúinn tacsaí uisce a fháil chuig an Veinéis fuaireamar lón ar dtús agus ansin chuamar ar thuras timpeall na cathrach le bean turasóireachta agus ghlacamar roinnt grianghraif chomh maith. Freisin chuamar ar turas chuig monarcha ghloinne a bhí an-suimiúil agus bhain muid an-taitneamh as bheith ag ceannach seodra agus gloinne dár muintir cé go raibh sé an-chostasach! Chaitheamar roinnt ama ag siopadóireacht agus ag cur aithne ar an gcathair ansin sula bhfuaireamar ar ais ar an mbád le filleadh ar an mbus. Ag deireadh an lae shroicheamar an t-óstán don dinnéar agus d'imir muid peil chomh maith le snúcar.

Lá 3

Ba lá iontach é an tríú lá. Chuamar go dtí Gardaland, páirc siamsaíochta lán le marcaíochtaí. Bhí téamaí éagsúla san áit ag brath ar aois. Níor bhacamar leis na marcaíochtaí beaga, ritheamar láithreach chuig na cinn is tapúla. Bhain siad geit asainn ach thaitin siad linn ar aon nós. Chaitheamar ocht n-uaire sa pháirc. Lá grianmhar agus te a bhí ann. D’ith mé féin agus roinnt cairde i mbialann, d’ordaíomar ar fad píotsa dar ndóigh. I ndiaidh na páirce, thugamar cuairt ar ionad siopadóireachta ar an mbealach ar ais go dtí an óstáin. Bhí babhláil ann agus bheartaigh muid triail a bhaint as. Cheannaíomar geansaí don mhúinteoir Conal, a d’eagraigh an turas iontach dúinn


Lá 4

Bhí brón orainn ag éirí an mhaidin seo mar go raibh a fhios againn go mbeimis ag eitilt ar ais níos déanaí sa trathnóna. Fós féin, rinneamar an méid is mó as an leath lá a bhí againn, D’ith gach duinne píotsa arís agus thiomáin an tiománaí bus muid go dtí calafoirt na locha. I ndiaidh dúinn lón a bheith againn chuamar ar turas timpeall na locha ar bhóird dhá bhád a chuaigh an-tapa ar fad. Sheinneamar ceoil agus bhaineamar an-sult as. Ar an eitilt ar ais, smaoiníomar ar an turas iontach a d’eagraigh na múinteoirí dúinn agus cathain a d'fhillfeadh muid.

Oisín Ó Mathúna & Lorcán Ó Bréartúin

D.Fómh
14 2024
(Bl. 6) Aoichainteoir- UCD
D.Fómh
14 2024
Cispheil na gCailíní- Faoi 16/19
D.Fómh
14 2024
(Bl. 5) Aoichainteoir- OÉ Má Nuad
D.Fómh
15 2024
(Bl. 6) Aoichainteoir- Gaiety school of acting
D.Fómh
15 2024
Cluiche Camógaíochta- Sóisearaigh
08-D.Fómh-2024
Ag ceiliúradh deich mbliana de Ghaelcholáiste an Phiarsaigh (Celebrating our ten year anniversary)
Déan Teagmháil linn
Teagmháil / Contact
An Mhainistir,
Bóthar na Gráinsí,
Ráth Fearnáin,
Baile Átha Cliath 14,
D14 PP82


01 493 3335

Suíomh / Location
© 2024 Gaelcholáiste an Phiarsaigh