Gaelcholáiste an Phiarsaigh

Turas na hIdirbhliana go Gleann Ceilte

05-Meán Fómhair-24
Turas na hIdirbhliana go Gleann Ceilte

Bhí scoláirí na hIdirbhliana ar turas nasctha an tseachtain seo le tús spleodrach a chur leis an mbliain. Iniata tá cur síos ar an lá scríofa ag Tidhg Mac Lochlainn agus Orlaith Nic Eochaidh ó rang Luimnigh

Ar an Luan chuamar ar turas chuig an nGleann Ceilte. Thosaíomar an lá le gníomhaíocht uisce le sleamhnáin agus cúrsa bacainní agus bhain muid an-taitneamh as! I ndiaidh sin bhris na ranganna suas i ndá ghrúpa agus chuaigh muid chun rudaí difriúla a dhéanamh. Rinne grúpa amháin leaisteanna léasair agus bhí an grúpa eile ag tabhairt faoin bhfeadánaíocht. Bhí lón againn ansin agus fuair muid go léir uachtar reoite. I ndiaidh an lóin mhalartaigh an dá ghrúpa na gníomhachtaí agus bhí deis ag gach duine triail a bhaint as gach rud. Lá iontach a bhí ann agus bealach álainn le tús a chur leis an idirbhliain!

Tidhg Mac Lochlainn agus Orlaith Nic Eochaidh

Már
20 2025
Bl. 3 Ceol- Scrúduithe Praiticiúla
Már
20 2025
(Idirbhliain) Seisiúin Eolais- Ábhair na hArdteiste
Már
21 2025
(Idirbhliain) Ceardlann- Intleacht Shaorga (A.I.)
Már
25 2025
Peil Ghaelach na mBan- Blitz (Bl. 1 & 2)
Már
25 2025
Comórtas Gnó (Bl. 1, 2, 3)
Teagmháil / Contact
An Mhainistir,
Bóthar na Gráinsí,
Ráth Fearnáin,
Baile Átha Cliath 14,
D14 PP82


01 493 3335

Suíomh / Location
© 2025 Gaelcholáiste an Phiarsaigh