Gaelcholáiste an Phiarsaigh

Turas na hIdirbhliana go Páras!

06-Aibreán-23
Turas na hIdirbhliana go Páras!

Bhí scoláirí na hidirbhliana i bPáras le déanaí agus d'éirigh thar cionn leis an turas!

Léigh thíos an cur síos a rinne Deirdre Ní A. ar imeachtaí an turais.

Chuamar go Parás mar bhliain ón Aoine 17ú Márta go dtí an Luan 20ú Márta 2023. Chaitheamar an deireadh seachtain ag dul ar thurais éagsúla timpeall Parás agus bhí a lán spraoi againn lena chéile. D'fhanamar in óstán Explorers i bpáirc Disney. Bhí bia againn in áiteanna éagsúla thar an turas mar shampla Monte Carlo nach raibh ródheas, HD Diner a bhí go deas agus Royal Pub i bpáirc Disney a bhí an-deas ar fad! Bhí turas iontach againn agus bhain me an-sult as.

Lá 1

Ar an Aoine thaistealaíomar ó BÁC go Parás agus fuaireamar ar bhus go lár na cathrach. Bhí am againn bia a fháil i McDonalds sula ndeachaigh muid ar thuras bus timpeall na cathrach. Chuamar go dtí an Louvre agus chonaic muid an ealaín go léir Mona Lisa ina measc. Ansin chuamar chun dinnéar a fháil roimh dul go dtí an óstán chun seiceáil isteach agus ár seomraí a fháil. Ag deireadh an lae chuamar go halla na gcluichí san óstán

Lá 2

Ar an Satharn bhí bricfeasta againn san óstán agus fuaireamar bus go Versailles. Bhí am againn siúl timpeall Versailles chun na seomraí agus na gairdíní a fheiceáil agus ghlacamar roinnt grianghraif ann. Ansin chuamar go sráid gar don Arc de Triomphe chun lón a fháil sula ndreapamar go barr na háirse. Bhí an radharc go hálainn ón mbarr. Tar éis an dinnéir, chuamar ar bhád ar an Seine agus chonaic muid an Túr Eiffel lasta suas.

Lá 3

Ar an Domhnach chuamar go páirc Disney don lá ar fad. Chuamar timpeall le chéíle ar na marcaíochtaí go léir. Thaitin Space Mountain liom ach go háirithe mar chuamar air le chéile agus bhí sé an-ghreannmhar. Bhuaileamar don dinnéar sa bhaile agus bhí roinnt ama againn i ndiaidh an dinnéir chun dul ar ais ar na marcaíochtaí agus am dul chuig na siopaí chomh maith. Ag deireadh an lae chuamar go léir chuig an gcaisleán chun breathnú air ag lonrú agus ar na tinte ealaíne.

Lá 4

Ar an Luan bhí uair bhreise againn sa leaba sula ndeachaigh muid go dtí an Túr Eiffel. Sheasamar faoi agus fuaireamar roinnt grianghraif ann. Ansin bhí am saor againn chun lón a fháil agus siopadóireacht a dhéanamh roimh bualadh ar ais os comhair Notre Dame. Chuamar go dtí an t-aerfort agus d’fhágamar slán le Páras. Deireadh seachtaine dochreidte a bhí ann.

Bealt
30 2023
Scrúduithe an tSamhraidh (Bl. 1, 2, 5)
Bealt
30 2023
Scrúduithe an tSamhraidh Bl. 1, 2, 5
Meith
07 2023
Scrúduithe Stáit (Ardteistiméireacht & Sraith Shóisearach)
Déan Teagmháil linn
Teagmháil / Contact
An Mhainistir,
Bóthar na Gráinsí,
Ráth Fearnáin,
Baile Átha Cliath 14,
D14 PP82


01 493 3335

Suíomh / Location
© 2023 Gaelcholáiste an Phiarsaigh