Gaelcholáiste an Phiarsaigh

Turas na hIdirbhliana go hInis Mór

TY trip to Inis Mór
15-Samhain-24
Turas na hIdirbhliana go hInis Mór

D'imigh scoláirí na hIdirbhliana ar turas go hInis Mór roimh an mbriseadh agus bhain siad ardsult as! Iniata thíos tá cur síos ó Ríona Ní Chriostail agus Aoibhín Brewer ar an eispéireas iontach a bhí acu

Le déanaí chuaigh an idirbhlian go dtí Inis Mór. Bhí orainn éirí go luath chun bus a fháil ag 6:30r.n go Conamara. Ansin fuair muid an bád chuig an oileán agus shroicheamar Inis Mór. D’fhan muid i mbrú óige le haghaidh dhá oíche. Chuamar ag rothaíocht ar an gcéad lá go Dún Aonghasa. Chuamar chuig bialann an oíche sin & bhuaileamar lenár iarmhúinteoirí, an Múinteoir Stacey & an Múinteoir Conal. Ina dhiaidh sin rinneamar céilí le scoláirí ón scoil áitiúil. Bhí an-chraic againn. Ar an dara lá chuamar ag snámh agus go dtí an scoil áitúil. Ghlac muid páirt i ranganna adhmadóireachta agus miotalóireachta. An oíche sin rinneamar dinnéar sa bhrú & d’imir muid cluichí le chéile. Fuair muid an bád ar ais an lá dár gcionn go han-luath ar maidin. Bhí turas thar barr againn!

Bealt
13 2025
Bronnadh- Gaelbhratach
Bealt
14 2025
(Bl. 2 Ealaín) Ceardlann feiltbhrait
Bealt
20 2025
Oíche Bhronnta na hIdirbhliana
Bealt
22 2025
Oíche Bhronnta Bhliain 6
Bealt
27 2025
Scrúduithe an tSamhraidh: Blianta 1,2 agus 5
04-Aib-2025
"High School Musical"
21-Már-2025
EU Translation competition
Teagmháil / Contact
An Mhainistir,
Bóthar na Gráinsí,
Ráth Fearnáin,
Baile Átha Cliath 14,
D14 PP82


01 493 3335

Suíomh / Location
© 2025 Gaelcholáiste an Phiarsaigh