Is cinnte go bhfuil tús iontach curtha le cúrsaí spóirt sa scoil an téarma seo. Tá obair iontach ar bun ag foirne peile, cispheile agus iománaíochta na scoile- tús maith leath na hoibre!
Léigh thíos cur síos scríofa ag Cormac Ó F. agus Ryan Ó D. i mbliain 2 ar éachtaí spóirt an téarma seo.
Tá go leor dea-scéalta don spórt sa scoil le déanaí. Tá foirne cispheile na mbuachaillí agus na gcailíní faoi lánsheol. Bhí an bua ag an bhfoireann faoi 16 agus ag an bhfoireann faoi 19 an tseachtain seo. D'éirigh leis an bhfoireann iománaíochta an cluiche ceathrú ceannais a shroicheadh ach níor éirí leo faraor. Tá foirne peile na mbuachaillí agus na gcailíní tar éis cúpla cluiche a imirt agus tá ag éirí go han-mhaith leo. Beidh cluichí ag na buachaillí sóisearacha agus sinsearacha an tseachtain seo, agus ag na cailíní sóisearacha agus ag an bhfoireann chamógaíochta an tseachtain seo chugainn.
Guímid gach rath orthu!