Gaelcholáiste an Phiarsaigh

An Drámaíocht (Drama)

An Drámaíocht (Drama)

Tá traidisiún láidir sa scoil againne dos na healaíon agus cuirtear chun cinn iad ní hamháin sna imeachtaí seach-churaclam ach le linn na ranganna chomh maith. Creideann muid i nGaelcholáiste an Phiarsaigh gur ceart agus gur fiú chur le fís agus foghlaim na ndaltaí le tuiscint acu ar na healaíon a fhás agus a fhorbairt trí bhreathnú nó páirt a ghlacadh in imeachtaí na scoile ar nós an Ceoldráma a bhíonn i mbun ag muintir na hIdirbhliana.

Ba é ‘Grease’ ár gcéad Cheoldráma scoile faoi stiúir an Múinteoir Dónal. Cuireadh tús leis na héisteachtaí agus gach cuid den ullmhúcháin go luath sa bhliain le bheith cinnte go raibh a dhóthain ullmhúchán déanta le tabhairt faoin stáitse ar an 11 Aibreán 2019. Bhí roinnt oibre le déanamh agus le foireann paiseanta faoina gcuid oibre d’éirigh linn. Is creidiúint mhór don scoil an obair chur na daltaí isteach lena múinteoirí Rachel (aisteoireacht) agus an Múinteoir Zelda (cóiréagrafaíocht).
Na léirithe go dtí seo...
Dráma - Na Saighdiúirí Soineanta (2016/17) leis an Múinteoir Pádraig Ó Beaglaoich
Dráma - An Filleadh (2016/17) leis an Múinteoir Rachel Ní Fhionnáin
Ceoldráma - ‘Grease’ (2018/19) leis an Múinteoir Dónal Mac Congáil
Cothaítear eispéireas faoi leith dos na daltaí agus iad mar chuid de phróiseas ina bhfuil roinnt deiseanna le scileanna a fhorbairt trí páirt a ghlacadh bíodh sé ar stáitse nó taobh thiar de. Is trí thionscnamh seo a chothaítear na daltaí agus cinnte go gcruthóidh siad roinnt cuimhní dearfacha spreagúla le tabhairt leo tríd a saol fosta agus nach ndéanfaidh siad dearmad orthu riamh.
Déan Teagmháil linn
Teagmháil / Contact
An Mhainistir,
Bóthar na Gráinsí,
Ráth Fearnáin,
Baile Átha Cliath 14,
D14 PP82


01 493 3335

Suíomh / Location
© 2019 Gaelcholáiste an Phiarsaigh