An idirbhliain
Táimíd an-bhródúil as an idirbhliain i nGaelcholáiste an Phiarsaigh agus í mar dhroichead idir clár na Sraithe Sóisearí agus clár na hArdteistiméireachta. Tá an clár dalta lárnaithe agus smaoinímíd ar riachtanais na ndaltaí le linn an phleanála chomh maith le spéiseanna na ndaltaí. Cuireann Gaelcholáiste an Phiarsaigh na féidearthachtaí a thairgeann leas an phobail áitiúil san áireamh.
Fís na hidirbhliana
Forbairt phearsanta, shóisialta, oideachasúil na ndaltaí a neartú agus iad a ullmhú dá ról mar shaoránaigh atá rannpháirtíoch, aibí agus machnamhach sa tsochaí.
An curaclam
Tá clár suimiúil leathan i ndán don dalta agus bíonn deis ag na daltaí a bheith cruthaitheach, gníomhach i slí go bhfásann a gcuid muiníne, go bhfaigheann siad a nguth agus go bhforbraítear scileanna nua. Bíonn deis ag na daltaí taithí oibre a dhéanamh agus tabhairt faoi cheoldhráma.
Taithí Oibre (trí seachtaine san iomlán)
Módúl Sínise
Aoí speisialta gach seachtain
Gaisce
Módúil ar S.V.P/ Goal
Ceoldhráma/Drámaíocht
Blúire do ábhair nua: Fraincis agus Spáinnis
Béarla
Gaeilge
Léitheoireacht
Matamaitic
Staidéar Gnó
Ceannairí don Todhchaí (Cumann Lúthchleas Gael)
Corpoideachas
Sábháilteacht ar na Bóithre
Grianghrafadóireacht
Físeáin
Oideachas Sóisialta Pearsanta agus Sláinte
Ceol
Tireolas
Treoirghairm
Díospóireachtaí
Fealsúnacht
Íoga/ Zumba
Y.S.I
Tá béim mhór ar an méasúnacht i stíl chruthaitheach, trí dhíospóireachtaí a dhéanamh, cur i láthair, scannáin a stiúradh, comórtais náisiúnta.