DRÉACHTPHOLASAÍ FRITHBHULAÍOCHTA
Polasaí Frithbhulaíochta Gaelcholáiste an Phiarsaigh
Mar atá leagtha amach san Acht Oideachais (Leas) 2000 agus de réir na dtreoirlínte faoi chód iompair a d’eisigh an Bord Náisiúnta um Leasa Oideachais tá an beartas frithbhulaíochta seo a leanas curtha le chéile ag Gaelcholáiste an Phiarsaigh mar chuid de chód iompair na scoile. Géilleann an beartas go huile agus go hiomlán do riachtanais Ghnásanna Frithbhulaíochta Bunscoile agus Iar-bhunscoile a foilsíodh i Meán Fómhair 2013.
Aithníonn an Bord Bainistíochta a thromchúisí atá iompar bulaíochta agus a dhiúltaí a d’fhéadfadh a thionchar a bheith ar phobal na scoile, agus geallann an scoil dá réir cloí leis na príomhphrionsabail dea-chleachtais seo a leanas agus iompar bulaíochta á chosc.
- Cultúr dearfach a bheith i réim sa scoil:
- ina nglactar go fonnmhar le difríocht agus le héagsúlacht agus ina léirítear meas ar chuimsitheacht;
-ina spreagtar scoláirí chun iompar bulaíochta a nochtadh agus a phlé i dtimpeallacht neamhbhagrach; agus
- ina gcuirtear caidreamh agus gach cumarsáid bunaithe ar mheas chun cinn ar fud phobal na scoile;
· Ceannaireacht éifeachtach;
· Cur chuige scoile uile;
· Tuiscint i bpáirt faoin rud is bulaíocht ann agus faoin tionchar is féidir a bheith aici.
· Feidhmiú straitéisí oideachais agus coiscthe (lena n-áirítear bearta chun feasacht a mhúscailt)
-a chothaíonn ionbhá, meas agus athléimneacht sna scoláirí; agus
- ina dtéitear i ngleic go sainráite le cibearbhulaíocht agus le bulaíocht bunaithe ar aitheantas, lena n-áirítear bulaíocht homafóbach agus trasfóbach;
· Maoirseacht agus monatóireacht éifeachtach ar scoláirí;
· Tacaíochtaí don fhoireann;
· Teagmhais bhulaíochta a thaifeadadh agus a imscrúdú ar bhealach comhsheasmhach agus obair leantach a dhéanamh ina dtaobh (lena n-áirítear straitéisí aitheanta idirghabhála a úsáid); agus
· Meastóireacht leanúnach ar a éifeachtaí atá an beartas frithbhulaíochta.
Ráiteas Tosaigh
Glacann an scoil cur chuige ‘gan mhilleán’ agus é ag fiosrú líomhaintí bulaíochta agus déantar gach iarracht torthaí diúltacha a leithéid d’iompar a chur in iúil don dá ghrúpa. Téann an scoil i dteagmháil leis na tuismitheoirí má leanann an fhadhb, agus úsáidtear an nós imeachta araíonachta má theipeann ar na céimeanna eile. Is pobal scoile cuíosach beag é Gaelcholáiste an Phiarsaigh áit gur féidir forbairt oideachasúil agus tréadchúraim an scoláire a aithint níos éasca. Leagann an scoil béim ar Chúram Tréadach.Pléitear bulaíocht sna siollabais Creidimh, OSPS agus OSSP freisin. Eagraíonn an scoil seachtain frithbhulaíochta gach bliain chun aird a tharraingt uirthi freisin.
Scóip:
Más é atá i gceist le bulaíocht ná ‘aon rud a deirtear nó a dhéantar a chuireann as do chompord, saoirse nó sábháilteacht an duine’, caithfear gach duine a oibríonn agus a fhoghlaimíonn sa scoil a bheith san áireamh sa pholasaí.
Tagraíonn an polasaí do chearta saoirse agus sábháilteachta gach duine. Clúdaíonn an polasaí gach ball foirne, scoláirí agus tuismitheoirí nuair a bhíonn siad i dteagmháil leis an scoil. Tá sé de dhualgas ar gach duine a bhíonn i dteagmháil leis an scoil meas a léiriú ar chearta dhaoine eile. Ach tugann an cúram aire le fios gurb é príomhaidhm na scoile an beartas frithbhulaíochta a chur i bhfeidhm tré oideachas a chur ar fáil do scoláirí i dtimpeallacht sábháilte, saor agus compordach. Bíonn an polasaí seo i bhfeidhm aon uair a bhíonn scoláirí ar láthair na scoile faoi stiúir na scoile. Clúdaítear freisin turais scoile agus eachtraí seach-churaclaim taobh amuigh den scoil ach faoi stiúir mhúinteora.
Réasúnaíocht
Go minic ní thuigtear go bhfuil bulaíocht ar siúl i saol an scoláire scoile. Déantar gach iarracht feasacht na scoláirí a dhíriú ar iompar bulaíochta agus bíonn an seans ann go dtagann méadú ar líon na gcásanna a ardaítear dá bharr. Beidh gá le athbhreithniú a dhéanamh ar pholasaí frithbhulaíochtaionas go mbeimid in ann bulaíocht níos caolchúisí a aithint níos luaithe.
Molann an polasaí frithbhulaíochta athbhreithnithe:
- Samhail de phróiseas sheasmhach chur ar fáil chun gach cás bulaíochta sa scoil a láimhseáil
- Dearbhú a thabhairt do thuismitheoirí agus do scoláirí gurb é aidhm na scoile timpeallacht shábháilte a chur ar fáil áit nach nglactar le bulaíocht agus nach ndéantar neamhaird air ach oiread
- Soiléireacht a thabhairt ar an sainmhíniú atá ag an scoil ar bhulaíocht agus na struchtúir a bheidh in úsáid ag an bhfoireann / ag an mbainistíocht agus iad ag déileáil leo siúd a bhíonn ag tabhairt faoi iompar bulaíochta.
- Nuair a chuirtear polasaí frithbhulaíochta i bhfeidhm go hiomlán, cabhróidh sé le muinín na foirne agus tabharfaidh sé tacaíocht dá n-iarrachtaí eachtraí bulaíochta a láimhseáil.
- Creidimid gur chóir aird a choinneáil ar an bpolasaí frithbhulaíochta i rith na bliana ar fad. Tabharfaidh an polasaí frithbhulaíochta a dheartar anois áit i gcroílár éiteas na scoile agus ba chóir go gcabhródh sé seo linn tabhairt faoin bhfadhb go leanúnach.
Gaol le Ráiteas Misin
I nGaelcholáiste an Phiarsaigh, tá meas againn ar a chéile. Creidimid go mbraitheann dul chun cinn na scoile agus caighdeán an oideachais ar an meas seo thar aon rud eile. Is ar an meas seo a bhunaítear an gaol idir na scoláirí, an fhoireann, na tuismitheoirí agus bainistíocht na scoile. Déanann bulaíocht damáiste don chaidreamh seo. Mar sin, tá an scoil tiomanta timpeallacht shábháilte a chruthú áit nach nglacfar le nó nach ligfear le bulaíocht riamh.
- Cuireann an polasaí seo leis an misean agus fís atá ag an scoil cheana féin. Tugann sé struchtúr agus sonraí a chabhróidh leis an bhfoireann an fhadhb leanúnach seo a láimhseáil. Léireoidh an polasaí frithbhulaíochta an dea-thoil a mhaireann sa scoil i leith fadhbanna bulaíochta a réiteach ar aon bhealach.
- Go praiticiúil, tabharfaidh sé timpeallacht foghlama atá sábháilte agus slán. Cuireann sé meas ar luachanna, traidisiún, modh maireachtála ilchineálacha sa tsochaí chun cinn.
- Spreagann sé nósanna measa, cúirtéise, agus tarraingítear ar idirspleáchas dhaoine i ngrúpaí, sa phobal nó ar scoil.
- Féachann an beartas le haire faoi leith a thabhairt do scoláirí i mbaol agus monatóireacht rialta a dhéanamh orthu chun idirghabháil luath a dhéanamh más/nuair a bhíonn gá, chomh maith le riachtanais, imní agus ábhar buartha na scoláirí a láimhseáil i slí mhothálach.
Aidhmeanna agus Cuspóirí
Is é aidhm an pholasaí seo:
- Feasacht a spreagadh ar bhulaíocht go leanúnach mar mhodh iompair nach nglacfar leis i measc scoláirí, múinteoirí/caomhnóirí agus bainistíocht na scoile.
- Éiteas scoile a chruthú a spreagann scoláirí eachtraí d’iompar bulaíochta a roinnt agus a phlé. An tromlach tostach a mhealladh seasamh a thógáil agus gan glacadh le hiompar mar seo inár scoil.
- Éiteas scoile a chruthú a aithníonn, a fhreastalaíonn agus a léiríonn meas ar ilchineálacht na scoláirí faoin naoi bhforas a chlúdaítear sa reachtaíocht comhionannais.
- Cinntiú go spreagann clár OSPS agus/nó Cúram Tréadach na scoile feasacht ar na tosca atá gaolta le hiompar bulaíochta agus go bhforbraítear eolas, scileanna agus iompar cuí.
- Nós imeachta a fhorbairt chun tuairisc a thógáil agus chun eachtraí d’iompar bulaíochta a fhiosrú agus a láimhseáil.
- Éifeachtacht an pholasaí ar iompar frithbhulaíochta sa scoil a mheas.
Sainmhíniú ar Iompar Bulaíochta:
Is é a thugann an Roinn Oideachais agus Scileanna mar shainmhíniú ar bhulaíocht ná,
‘…ionsaí leanúnach á dhéanamh, ó bhéal, go síceolaíoch nó go fisiciúil ag duine aonair nó ag grúpa ar dhaoine eile. Ní áirítear tarlóga aonaracha d’iompar ionsaitheach mar bhulaíocht, seachas cibearbhulaíocht (Ag postáil teachtaireacht, íomhá nó ráiteas poiblí goilliúnach aon uaire ar shuíomh gréasáin líonra poiblí nó ar fhóram poiblí eile ar féidir an teachtaireacht, an íomhá nó an ráiteas sin a fheiceáil air agus/nó a bheith athráite ag daoine eile).
, cé nach chóir maitheamh dóibh. Ach nuair a bhíonn an t-iompar córasach agus leanúnach, is é atá ann ná bulaíocht.’
Is é atá sa tábla thíos ná sainmhíniú cuimsitheach ar iompar bulaíochta faoi na príomhcheannteidil mar atá sa cholún ar chlé. Caithfear a thuiscint áfach nach bhfuil na samplaí a leanas uileghabhálach:
GINEARÁLTA Ciapadh bunaithe ar aon cheann de na naoi bhforas sa reachtaíocht chomhionannais m.sh. gnéaschiapadh, bulaíocht hómafóbach, bulaíocht chiníoch srl.
- Forrántacht fhisiciúil
- Damáiste do mhaoin
- Baisteachán
- Táirgeadh, taispeáint nó scaipeadh focail scríofa, pictiúir nó ábhair eile a bhfuil sé mar aidhm acu imeaglú a dhéanamh ar dhuine eile
- Graffiti
- Fáisceadh
- Imeaglú
- Gothaí
- Sárú spás pearsanta
- Meascán de chineálacha ar bith díobh siúd atá ainmnithe.
MODHANNA LEICTREONACHA Glaonna gutháin/gutháin phóca gan aon chaint
- Glaonna gutháin/gutháin phóca ionsaitheacha
- Téacsteachtaireachtaí ionsaitheacha
- Teachtaireachtaí ionsaitheacha ríomhphoist
- Tagairtí/Blaganna/Pictiúir ionsaitheacha ar shuíomhanna gréasáin agus na meáin shóisialta
HÓMAFÓBACH Ráflaí a scaipeadh i dtaobh claonadh gnéasach duine
- Ag greannú duine de chlaonadh gnéasach difriúil
- Baisteachán m.sh. Duine aerach, leispiach
CINÍOCH Idirdhealú, claontacht, tagairtí nó maslaí i dtaobh dath craicinn, náisiúntacht, cultúr, aicme shóisialta, creideamh nó de chúlra eitneach nó lucht siúil
IDIRGHAOLTA Is éard atá i gceist leis seo ná feidhm a bhaint as caidreamh pearsanta le bulaíocht a dhéanamh. Mar shampla:
- Cúlchaint mhailíseach
- Aonrú & eisiamh
- Neamhaird a dhéanamh
- Eisiamh a dhéanamh ón ngrúpa
- Cairde duine a thógáil
- Ráflaí a scaipeadh
- Rún a sceitheadh d’aon ghnó
- A bheith ag caint ard go leor le go bhféadfadh an t-íospartach é a chloisteáil
GNÉASACH Tagairtí gnéasacha nó teagmháil fhisiciúil nach bhfuil fáilte rompu
|
An Ciapadh a Chosc
Deimhníonn an Bord Bainistíochta go ndéanfaidh an scoil, de réir a hoibleagáidí faoin reachtaíocht chomhionannais, gach beart is indéanta go praiticiúil chun scoláirí agus baill foirne a chosaint ar chiapadh gnéasach agus ar chiapadh ar aon cheann de na naoi bhforas, mar atá inscne lena n-áirítear trasinscne, stádas sibhialta, stádas teaghlaigh, treoshuíomh gnéasach, reiligiún, aois, míchumas, cine nó ballraíocht den Lucht Siúil.
Ghlac an Bord Bainistíochta an beartas seo i Samhain, 2021.
Gníomhartha chun iompar bulaíochta a chosc
Is é atá mar aidhm ag an polasaí frithbhulaíochta ná na deiseanna bulaíochta a laghdú trí eolas ar nádúr agus ar iarmhairtí na bulaíochta a scaipeadh. Leis an bhfadhb a chosc, tá sé i gceist:
-Go gcuirfí cairt bulaíochta na scoile i ndialann na scoláirí agus ar taispeáint timpeall na scoile agus go gcuirfí scoláirí ar an eolas faoi.
-Go mbunófaí seachtain chairdis i rith an chéad téarma scoile.
-I rith an dara téarma scoile, go bhféadfaí seachtain eolais a eagrú ar an mbulaíocht, sé sin, seachtain frithbhulaíochta.
-Go mbeadh nósanna imeachta agus céimeanna ceannais shoiléire ann chun tuairisc a thabhairt ar eachtraí bulaíochta.
Maoirseacht & Monatóireacht
Tá sé an-deacair monatóireacht a dhéanamh ar bhulaíocht mar nach féidir le múinteoirí gach trá a fhreastail. Déanaimid gach iarracht an deis bhulaíochta a laghdú trí bheith eolach ar iompar bulaíochta agus bheith in ann é a aithint. Spreagaimid na scoláirí gan glacadh leis an saghas sin iompair agus a thuiscint go bhfuil áiteanna sa scoil inar mó an baol go ndéanfar bulaíocht iontu:
Cad is féidir le mic léinn a dhéanamh
Is minic gur féidir leis an mbulaíocht a bheith an-chaolchúiseach agus nach dtugann na múinteoirí í faoi deara. Mar sin spreagaimid na scoláirí a bheith freagrach trí na moltaí seo a leanas a chur i ngníomh:
-Iad féin a chur ar an eolas maidir le beartas agus nós imeachta na scoile i leith na bulaíochta.
-Tuairisc a thabhairt ar eachtraí bulaíochta a fheiceann siad fiú mura mbaineann siad leo go díreach
-É a insint do mhúinteoirí
-É a insint do scoláirí eile
-É a insint do thuismitheoirí/do chaomhnóirí
-Díoltas a sheachaint
-Seachain do tharraingt isteach i mbulaíocht, sé sin, go mbeadh páirt agat i ngrúpa bulaíochta
-Meantóirí a cheapadh ar ghrúpaí scoile
-Meas agus tuiscint ar dhaoine eile a chur chun cinn
-Comhairle na Scoláirí a úsáid leis an gceist a choimeád beo
Tuismitheoirí /Caomhnóirí
-Iad féin a chur ar an eolas maidir le polasai na scoile agus a leithéid, i leith na bulaíochta.
-Béim a leagan ar cé chomh mí-oiriúnach is atá an bhulaíocht sa bhaile srl.
-Tacaíocht a thabhairt do bheartas frithbhulaíochta na scoile.
-Córas cumarsáide éifeachtach agus rialta a chothú idir na tuismitheoirí agus an scoil, sé sin, cruinnithe tuismitheoirí-múinteoirí, tráthnónta eolais, coiste na dtuismitheoirí, foirmeacha a thabhairt ar ais, dialanna scoile a shíniú srl.
An Dialann Scoile
Cuirtear an chairt frithbhulaíochta na bulaíochta sa Dialann Scoile agus tá rannóg ann le síniú an scoláire agus an tuismitheora/caomhnóra araon.
Nós imeachta
Céimeanna le heachtraí a thuairisciú, a nótáil agus a thaifeadadh.
Tá na nósanna imeachta chun eachtraí (líomhnaithe nó amhrasacha) bulaíochta a thuairisciú, a nótáil agus a thaifeadadh leagtha amach thíos. Tá sé chéim ann a chlúdaíonn na nósanna imeachta le nótáil, tuairisciú agus leanúint a dhéanamh ar chás bulaíochta amhrasach, líomhnaithe nó deimhnithe. Le go dtabharfaí an bhulaíocht a tharlaíonn faoi chúram an mhúinteora faoi deara, tá dhá chás a d’fhéadfaí a bheith i gceist. Is é atá i gcás 1 ná iarracht an bhulaíocht is comónta a nochtadh, de ghnáth greannaíocht nó pleidhcíocht a bhíonn i gceist. Má fheiceann múinteoir iompar den saghas seo agus má cheapann sé/sí go bhfuil níos mó i gceist, is féidir nóta faoi ‘Iompar Mí-Oiriúnach’ a chur ar chuntas VSware an scoláire. Leanann céim 2 agus céim 3 an chéad chéim má bhíonn cúpla nóta ann don scoláire céanna nó má thugann an t-íospartach tuairisc ar thuilleadh eachtraí. Tagann cás 1 agus cás 2 le chéile ag céim 3 nuair a dhéanann scoláire, tuismitheoir nó múinteoir líomhain, nó mura dtagann feabhas ar chúrsaí i ndiaidh céimeanna 1 agus 2.
Cás 1
Má fheiceann múinteoir iompar bulaíochta a chuireann imní air/uirthi:
Céim 1
Cuirtear nóta faoi ‘Iompar Mí-Oiriúnach’ar chuntas an scoláire ar VSware tar éis don mhúinteoir caint leis an scoláire ag an am a tharlaíonn an eachtra. Cuirtear an múinteoir ranga ar an eolas agus téann sé/sí ag caint leis an scoláire sin.
Céim 2
Má leanann an t-iompar cuirtear comhairle agus/nó pionós ar an scoláire – cuirtear nóta sa dialann scoile.
Céim 3
Mura dtagann deireadh leis an iompar agus go dtuigtear gur bulaíocht atá i gceist, leantar an nós imeachta seo:
Labhraítear leis an scoláire go haonarach
Tugtar Comhairle/Treoir
Labhraítear leis na scoláirí le chéile gan mhilleán
Is ag an bpointe seo a leantar an nós imeachta atá i bhfeidhm. Cuirtear béim ar an iompar in ionad milleán a chur ar an duine. Déantar an cás a iniúchadh. Cuirtear agallamh ar na scoláirí go haonarach agus ansin le chéile leis an bhfadhb a shárú. Nuair atá iniúchadh á dhéanamh ar chás caithfear a thuiscint nach ionann scoláire a chur faoi agallamh agus bulaí a ghlaoch air/uirthi. Caithfear é seo a shoiléiriú nuair a chuirtear an beartas i láthair na scoláirí.
Céim 4
Má leanann an bhulaíocht is ag an bpointe seo a chuirtear cód iompraíochta na scoile i bhfeidhm.
Fanacht siar
Fionraí Inmheánach
Fionraí
Nótaí, litreacha agus plé le tuismitheoirí
Céim 5
Tógtar an cás go leibhéal Boird Bainistíochta agus bíonn na scoláirí agus na tuismitheoirí páirteach ann.
Cás 2
Má dhéanann scoláire nó tuismitheoir gearán go díreach le húdarás na scoile i leith iompar mí-oiriúnach tosaíonn an próiseas ag céim 3, sé sin déantar an cás a iniúchadh gan aon mhilleán a chur sa chaoi is gur féidir na fíricí a chinntiú.
- Tá sé tábhachtach go dtuigfeadh an scoláire nach ionann fiosrúchán i leith líomhna agus cúiseamh ina choinne agus go n-éistfí leis an scéal iomlán sula ndéanfaí gníomh.
Naisc leis an gcuraclam
I nGaelcholáiste an Phiarsaigh cuirimid béim ar an ngné thréadach den oideachas. Déantar an bhulaíocht a phlé i réimsí eile den churaclam ach tugann an rang OSPS deis don rang agus don mhúinteoir fiosrúchán agus plé níos doimhne a dhéanamh ar iompar mí-oiriúnach agus cur ina choinne go héifeachtach.
Sna h-iarbhunscoileanna caithfear an t-Oideachas Sóisialta Pearsanta agus Sláinte (OSPS) a thráthchlárú mar chuid do chroíchuraclam na sraithe sóisearaí. Cuireann an OSPS deiseanna ar fáil do na scoláirí a gcuid scileanna agus inniúlachtaí a fhorbairt chun aire a thabhairt dóibh féin agus do dhaoine eile agus chun cinneadh feasach a dhéanamh i dtaca lena sláinte, lena saolta pearsanta agus lena bhforbairt shóisialta. Tugtar faoi cheist na bulaíochta i ngach ceann de na trí bliana i gclár OSPS na sraithe sóisearaí.
Monatóireacht
Cuirfear an polasaí ar gach clár gnó cruinniú foirne agus buailfidh an coiste le chéile go rialta le monatóireacht a dhéanamh ar bharúil na foirne agus na scoláirí i leith an bheartais agus a chur i bhfeidhm.
Déanfar nóta d’aon mhionathrú ar gá a dhéanamh ag an staid seo. Mar sin féin ba cheart go ndéanfar athbhreithniú agus measúnú iomlán ag deireadh na bliana acadúla 2021-2022.
Le Faomhadh fós. Meán Fómhair 2021.