Baintear leas as iPadanna mar uirlisí luachmhara oideachasúla i nGaelcholáiste an Phiarsaigh. Úsáideann na múinteoirí agus na scoláirí iPadanna ar scoil agus sa bhaile. Is iomaí deis a bhíonn ag na scoláirí chun a smaointeoireacht chruthaitheach agus chriticiúil a fhorbairt leis
na hiPadanna, agus meascán de chomhoibriú agus taighde neamhspleách a dhéanamh le linn ranganna. Seachnaítear leabhair throma agus
cur amú páipéir le huirlis mar seo. Is é MS 365 an t-ardán a mbaintear leas as sa scoil. Úsáidtear cóipleabhair fós sna ranganna ar fad chun litearthacht agus uimhearthacht a choinneáil ar ardchaighdeán sa scoil. Bíonn gach iPad ceangailte do chóras bainistíochta iPadanna na scoile agus bíonn leibhéal an-ard de chosaint ag an gcóras bainistíochta seo.
Chomh maith leis an gcosaint ó dhochar a bhíonn ar gach iPad baineann na múinteoirí úsáid as aip a dtugtar Classroom air. Bíonn ar gach scoláire a iPad a chlárú leis na múinteoirí ar fad a mbíonn sé faoina gcúraimí. Tugann Classroom an cumas don mhúinteoir iPad an scoláire a fheiceáil, é a rialú ó chian agus comhaid a sheoladh chuig scoláirí.
In ainneoin go gcreidimid i dtábhacht na teicneolaíochta ní ligtear don teicneolaíocht ceannasaíocht iomlán a ghlacadh ar an teagasc ná ar an bhfoghlaim.
Technology
iPads are devices that enhance teaching and learning in Gaelcholáiste an Phiarsaigh. IPads provide opportunities to the students to develop creative and critical thinking and being involved in both cooperative and independent learning during class. Heavy books and waste of paper are avoided. We use MS 365 as our platform. Copybooks are still used for classwork to keep literacy and numeracy to a high standard. We have firewalls and robust security systems in place as well as a technology team who deal with any queries or issues regarding the iPads.
Although it is the students’ families that buy the iPad and they remain in the ownership of the household each student iPad is subject to the school’s managament system. This system has an extremely high level of protection from harm.
Coupled with our management of the iPads each teacher uses an application called Classroom to which every student in their care must be registered. Classroom allows the teachers to view and remotely control students’ iPads as well as the ability to send files to students