Ceachtanna Ceoil Seach-Churaclaim
(Extra-Curricular Music Lessons)
Ranganna Fidile/Veidhlín (Fiddle/Violin lessons- offered free of charge to students of all levels)
Cuirtear ranganna veidhlín (saor ó chostas) ar fáil do gach leibhéal seinnteoirí, ó thosaitheoirí go daoine a bhfuil ardchumas bainte amach acu ar an bhfidil. Tá na ceachtanna seo ag tarlú faoi láthair gach Luan tar éis scoile. Ag an noimeád, tá scoláirí sna ranganna ag foghlaim port agus cornphíopaí!
Ucailéile (Ukelele lessons offered to 1st and 4th year students)
Faigheann scoláirí ceoil na scoile deis an t-ucailéile a fhoghlaim sa chéad bhliain agus arís san idirbhliain. Bíonn deis acu uirlis a fhoghlaim ar mhaithe le sult nó le húsáid a bhaint as do na scrúduithe stáit praiticiúla.