An Ceol mar Ábhar Scoile
Déanann gach scoláire staidéar ar an gceol sa chéad bhliain ar feadh tréimhse le blaiseadh a fháil ar an ábhar. Tugtar deis dóibh triail a bhaint as na gnéithe ar fad den chúrsa TS mar chuid den bhlaiseadh seo.
Ceol don tSraith Shóisearach
Déantar staidéar ar réimse leathan séanraí ceoil ag leibhéal an Teastas Sóiséaraigh (TS), ón gceol clasaiceach go dtí popcheol, rac-cheol agus ceol traidisiúnta. Tugtar intreoir do scoláirí ar bhunscileanna cumadóireachta agus taibhithe, agus dírítear go mór ar shealbhú scileanna éisteachta. Spreagtar scoláirí le páirt ghníomhach a ghlacadh sa rang agus le bheith páirteach leis an gceol seach-churaclaim chomh maith. Oireann leagan amach an chúrsa TS do gach leibhéal cumais, idir scoláirí nár sheinn uirlis riamh agus iad siúd atá ag tabhairt faoi ranganna ar uirlis lasmuigh den scoil. Tá an fholláine ag croílár an ábhair, agus dírítear i gcónaí ar ghrá a chothú don cheol sa saol timpeall orainn.
Scrúdú na Sraithe Sóiséaraigh
Ceol praiticiúil - 25%
(Tarlaíonn an scrúdú i mí Márta/Aibreáin)
Éisteacht agus Cumadóireacht – 75% (mí an Mheithimh)
Ceol don Ardteist
Ag leibheál na hArdteistiméireachta, leanann scoláirí leis na scileanna a shealbhaítear agus an Teastas Sóiséarach á dhéanamh. Freastlaítear ar réimse leathan suimeanna agus cumas agus ceol á dhéanamh mar ábhar scoile, iad siúd a bhfuil sárchumas acu nó suim acu leanúint leis an gceol a dhéanamh ag an tríú-leibhéal.
Dírítear ar thrí príomhghné den cheol do scrúdú na hArdteistiméireachta.
Éisteacht (25%)
Cumadóireacht (25%)
Taibhiú (ceol praiticiúil) (50%)
Mar gheall ar bhriseadh síos na marcanna, leagtar béim mhór ar an taibhiú sa rang agus ar scileanna taibhithe. Is féidir le scoláirí uirlis a sheinm nó canadh I ngrúpa leo féin nó i ngrúpa, nó tabhairt faoin rapáil fiú, chun ualach mór marcanna a thuilleadh sula dtabharfaidh siad faoin scrúdú scríofa! Sa chaoi seo, ní gá go mbeadh cumas seinm uirlise ag scoláire sula dtosaíonn scoláire an t-ábhar, is iomaí rogha atá ar fáil don scrúdú praiticiúil agus le spéis sa cheol a fhorbairt i nGaelcholáist an Phiarsaigh. Déantar staidéar ar shéanraí, tréimhsí agus cumadóirí ceoil éagsúla, chomh maith le healaíontóirí rac-cheoil agus pop-cheoil (The Beatles, Queen), chomh maith leis an gceol traidisiúnta. Is féidir le scoláirí tabhairt faoin gceol mar ábhar ardteiste fiú muna bhfuil taithí acu air don Teastas Sóiséarach. Is riachtanas é ar chúrsaí ollscoile ceoil áirithe go mbeadh staidéar déanta ag scoláirí air don Ardteist má tá suim acu é a dhéanamh ag an tríú-leibhéal.
.