Ráiteas Maidir le Cosaint Leanaí - Gaelcholáiste an Phiarsaigh –
2025/2026
Child Protection Statement- Gaelcholáiste an Phiarsaigh
Réamhrá agus Comhthéacs don Ráiteas Maidir le Cosaint Leanaí
De réir an Achta um Thús Áite do Leanaí 2015 caithfidh eagraíochtaí a chuireann
seirbhísí ar fáil do leanaí (“soláthraithe seirbhíse ábhartha”) páistí a choinneáil
sábháilte ó dhochar fad is a bhíonn siad ag baint leasa as as seirbhísí na n-eagraíochtaí
sin. Dá bharr seo tá dualgais shainiúla reachtúla áirithe ar an scoil atá ina soláthraí
seirbhísí . Ní mór don scoil a chinntiú, sa mhéid is indéanta, go mbíonn na páistí a
bhíonn faoi chúram na scoile slán ó dhochar, measúnú a dhéanamh ar dhochar
féideartha. Áitrítear i measc na seirbhísí a mbíonn na leanaí ag baint leasa astu an
freastal a dhéanann siad ar an scoil agus nuair a ghlacann siad páirt i ngníomhaíochtaí
scoile. Ba cheart go n-ainmneodh agus go gceapfadh an Bord Bainistíochta Duine
Idirchaidrimh Ainmnithe (DIA) agus Leas-Dhuine Idirchaidrimh Ainmnithe don scoil.
De ghnáth is é an Príomhoide a cheaptar ina DIA. Faoin Acht um Thús Áite do Leanaí
2015 tá dualgas reachtúil ar an mBord Bainistíochta tabhairt faoi mheasúnacht riosca.
Is ionann riosca agus riosca dochair mar a shainmhínítear an focal dochar san Acht
agus ní hionann é agus riosca don tsláinte agus don tsábháilteacht ghinearálta.
Sainmhínítear dochar mar ionsaí nó drochúsáid linbh, faillí ar leanbh nó mí-úsáid
ghnéasach linbh a bhíonn ag nó os cionn tairsí áirithe. Ba cheart an Ráiteas Maidir le
Cumhdach Leanaí a bheith le feiceáil ag gach ball foirne, ar taispeáint go poiblí agus
ar fáil do thuismitheoirí agus do Thusla má iarrtar é.
Measúnacht Riosca:
Is éard atá sa mheasúnú riosca ná an próiseas lena n-iniúchann eagraíocht gach gné
dá gníomhaíochtaí le fáil amach an bhfuil aon chleachtas nó gnéithe de na
gníomhaíochtaí sin a bhfuil an fhéidearthacht ann go mbeadh riosca dochair do leanaí
ag baint leo.
Ní mór don Bhord:
• na rioscaí díobhála a shonrú
• Deimhin a dhéanamh de go mbíonn beartais agus nósanna imeachtaí cuí ar bun
chun an riosca dochair a íoslaghdú trí fhreagairt go tráthúil ar rioscaí féideartha.
• Athbhreithniú a dhéanamh le fáil amach ar glacadh réamhchúraim leordhóthanacha
chun na rioscaí dochair a dhíothú agus a mhaolú.
An Ráiteas Maidir le Cosaint Leanaí
Cúlra:
Ainm na hEagraíochta: Gaelcholáiste an Phiarsaigh
Pátrún: An Foras Pátrúnachta
Seoladh: Bóthar na Gráinsí, Ráth Fearnáin, Baile Átha Cliath 14. D14 PP82.
Ionaid (Inmhalartaithe): An Teach Seoirseach (An Príomhionad), An Díseart agus an
Halla Spóirt.
Baill na Foirne: 23 X Múinteoirí, 1 X Rúnaí (Páirtaimseartha) agus 1 X Feighlí
(Páirtaimseartha)
An tSeirbhís: Oideachas Dara Leibhéil trí mheán na Gaeilge faoi chúram an Roinn
Oideachais agus Óige chomh maith le gníomhaíochtaí difriúla seach-churaclaim.
De réir riachtanas an Achta Tús Áite do Leanaí 2015, Tús Áite do Leanaí: Treoirlínte
Naisiúnta um Chosaint agus Leas Leanaí do Bhunscoileanna agus
d’Iarbhunscoileanna 2017 agus de réir na Treorach ó Tusla maidir le hullmhúchán
Ráiteas um Chumhdach Leanaí, tá aontaithe ag Bord Bainistíochta Ghaelcholáiste an
Phiarsaigh an Ráiteas um Chumhdach Leanaí a leagan amach sa cháipéis seo.
1 Tá glactha ag Bord Bainistíochta Ghaelcholáiste an Phiarsaigh le Nósanna Imeachta
na Roinne maidir le Cosaint Leanaí do Bhunscoileanna agus d’Iarbhunscoileanna 2017
mar chuid den Ráiteas iomlán Chumhdach Leanaí agus cuirfidh siad i bhfeidhm iad
ina n-iomláine, gan leasú.
2 An Duine Idirchaidrimh Ainmnithe (DIA) is ea: Mark Rossiter
3 An Duine Idirchaidrimh Ainmnithe Tánaisteach (DIAT) is ea: Fionnuala Mhic an
Bhreithimh
4 Aithníonn Bord Bainistíochta Ghaelcholáiste an Phiarsaigh go bhfuil cúrsaí chosaint
agus leasa leanaí lárnach i ngach gné de shaol na scoile agus gur gá go bhfeicfear é seo
i bpolasaithe uile na scoile, i nósanna imeachta na scoile, i gcleachtas na scoile agus inimeachtaí na scoile. Cloífidh an scoil leis na prionsbail dhea-chleachtais a leanas
maidir le cosaint agus leas leanaí. Déanfaidh an scoil:
a. Cosaint agus Leas Leanaí a aithint ar an rud is tábhachtaí, beag beann ar chúrsaí eile
b. Cloí ina iomláine leis na dualgais reachtúla faoin Acht um Thús Áite do Leanaí
2015 agus le reachtaíocht eile ábhartha a bhaineann le cosaint agus le leas leanaí.
c. Comhoibriú go huile is go hiomlán leis na húdaráis reachtúla ábhartha maidir le
cúrsaí chosaint agus leas leanaí.
d. Glacadh le cleachtais shábháilte chun an fhéidearthacht go dtarlódh díobháil nó
timpistí do leanaí a laghdú agus chun oibrithe a chosaint ar rioscaí neamhriachtanacha
a d’fhágfadh go ndéanfaí líomhaintí mí-úsáide nó faillí ina gcoinne.
e. Meas a léiriú ar riachtanais rúndachta agus iad ag plé le cúrsaí chosaint Leanaí.
Tá na nósanna imeachta/beartais seo a leanas i bhfeidhm:
g. Maidir le haon bhall foirne atá ina (h)ábhar fiosrúcháin (pé cur síos a dhéantar air)
maidir le haon ghníomh, le haon neamhghníomh, nó le haon chás, maidir le haon
pháiste atá ag freastal ar an scoil, cloíonn an scoil leis na nósannaimeachta leagtha
amach i gCaibidil a 7 de na Nósanna Imeachta maidir le Cosaint Leanaí i
mBunscoileanna agus in Iarbhunscoileanna 2017 agus leis na nósanna imeachta
ábhartha smachta aontaithe do bhaill foirne scoile atá foilsithe ar shuíomh idirlín na
ROS.
h. Maidir le roghnú nó earcú na mball agus lena n-oiriúnacht chun obair le páistí,
cloíonn an scoil le riachtanais ghrinnfhiosraithe reachtúla an Achta BGN (Leanaí agus
daoine soghonta) 2012 go 2016 agus le treoir níos forleithne dhualgas chúraim leagtha
amach i gciorcláin ábhartha na nGardaí um ghrinnfhiosrú agus um earcú atá foilsithe
ag an ROS agus ar fáil ar shuíomh idirlín na ROS.
i. Maidir le soláthar an eolais agus, nuair is gá, teagaisc agus oiliúna don fhoireann
maidir le déanamh díobhála a aithint (mar a shainmhínítear san Acht 2015), déanann
an scoil;
i. Cóip de Ráiteas um Chumhdach Leanaí na scoile a sholáthar do na baill foirne
ar fad.
ii.Cinnte de go ndéantar cóip de Ráiteas um Chumhdach Leanaí na scoile a
sholáthar do gach ball foirne nuaiii. An fhoireann a spreagadh leas a bhaint as oiliúint ábhartha
iv. Baill an Bhoird Bhainistíochta a spreagadh chun leas a bhaint as oiliúint
ábhartha
v.(faoi chúram an Bhoird Bhainistíochta) taifead a choimeád d’oiliúint na mball
foirne agus bhaill an Bhoird Bhainistíochta.
j. Maidir le tuairisciú buarthaí faoi chosaint leanaí do Tusla, tá ceangal ar gach ball
foirne scoile cloí leis na nósanna imeachta atá leagtha amach sna Nósanna Imeachta
maidir le Cosaint Leanaí i mBunscoileanna agus in Iarbhunscoileanna 2017, i gcás
múinteoirí cláraithe, na cinn sin a bhaineann le tuairsciú sainordaithe faoin Acht um
Thús Áite do Leanaí 2015, san áireamh.
k. Sa scoil seo, tá an DIA thuasainmnithe ceaptha ag an mBord mar an duine ábhartha
(mar a shainmhínítear san Acht um Thús Áite do Leanaí 2015) le bheith ina
thúsphointe teagmhála maidir le Ráiteas um Chumhdach Leanaí na Scoile.
5 Tá gach aon mhúinteoir cláraithe fostaithe ag an scoil ina dhuine faoi shainordú
faoin Acht um Thús Áite do Leanaí 2015.
6 De réir an Achta um Thús Áite do Leanaí 2015, tá an Bord tar éis measúnacht rioscaí
a dhéanamh ar an bhféidearthacht dochair do pháistí agus iad ag freastal ar scoil nó
ag glacadh páirte in imeachtaí na scoile. Tá measúnacht scríofa a leagann amach na
réimsí rioscaí aitheanta agus na nósanna imeachta chun na priacail sin a bhainistiú
ceangailte mar aguisín leis na nósanna seo.
7 Tá fáil ar na nósanna imeachta éagsúla a ndéantar tagairt dóibh sa Ráíteas seo ar
shuíomh idirlín na scoile, ar shuíomh idirlín na ROS nó ar fáil ó scoil ach é a iarraidh.
Nóta: Níl an méid thuasluaite le bheith ina liosta uileghabhálach. Cuimseoidh
Boird Bhainstíochta éagsúla nósanna imeachta/beartais eile a bhaineann le hábhar
sa scoil atá i gceist.
8 Tá an ráiteas thuas foilsithe ar shuíomh idirlín na scoile agus tá sé curtha ar fáil go
gach ball foirne na scoile, agus don Phátrún. Is furasta do thuismitheoirí agus do
chaomhnóirí teacht air ach é a iarraidh. Déanfar cóip den Ráiteas a chur ar fáil do Tusla
agus don Roinn má iarrtar.
9 Déanfar Aithbhreithniú bliantúil ar an Ráiteas um Chumhdach Leanaí nó chomh
luath agus is féidir tar éis aon athrú ábhartha ar aon rud a ndéanann an Ráiteas seo
tagairt dó.
Ghlac an Bord Bainistíochta an Ráiteas seo um Chumhdach Leanaí ar [25 Meán
Fómhair 2025]
Sínithe: Yvonne Ní Fhlatharta
Cathaoirleach an Bh.Bhainistíochta
Sínithe: Mark Rossiter
Príomhoide/Rúnaí an Bh.Bhainitíochta
Dáta: 25/09/2025
Tuairisc Mhaoirseachta Chosaint Leanaí
Ag gach cruinniú den Bhord Bainistíochta, cuimseofar i dTuairisc an Phríomhoide
don Bhord Tuairisc Mhaoirseachta Chosaint Leanaí ina mbeidh eolas faoi 4
cheanntheideal mar seo a leanas:
1. Líomhaintí mí-úsáide in aghaidh baill den fhoireann scoile
2. Ábhair imní chosaint leanaí eile faoi scoláirí sa scoil (nach mbaineann le ball foirne
na scoile)
3. Ábhair imní chosaint leanaí ag éirí as iompraíocht bhulaíochta líomhnaithe i measc
na scoláirí.
4. Sonraí achoimre maidir le tuairisciú.
Líomhaintí Mí-úsáide In Aghaidh Baill den Fhoireann Scoile
Cuirfear in iúl:
(a) an líon tuairiscí a rinneadh do Tusla ó bhí an cruinniú deireanach Boird ann maidir
le líomhain mhí-úsáide in aghaidh ball den lucht foirne scoile,
(b) an líon cásanna ó bhí an cruinniú deireanach Boird ann, nuair a d'iarr an DIA ó
Tusla maidir le líomhain mhí-úsáide in aghaidh ball den lucht foirne scoile agus nár
thuairiscigh an DIA an cás, bunaithe ar chomhairle Tusla,
(c) an líon cásanna ó bhí an cruinniú deireanach Boird ann, nuair a rinneadh líomhain
mhí-úsáide in aghaidh ball den lucht foirne scoile agus nár iarr an DIA comhairle ó
Tusla ar an gcás agus nár thuairiscigh DIA an cás do Tusla,(d) an líon cásanna ó bhí an cruinniú deireanach Boird ann, nuair a rinneadh líomhain
mhí-úsáide in aghaidh ball den lucht foirne scoile agus nár thuairiscigh an DIA an cás
do Tusla agus nuair a chomhairligh Tusla don DIA gur chóir é a thuairisciú, (e) nach
raibh aon chás amhail (a), (b), (c) nó (d) thuas
I ngach cás dá dtagraítear ag (a) agus (b) thuas, cuirfear ar fáil don Bhord Bainistíochta
agus athbhreithneoidh siad ag an gcruinniú na nithe seo a leanas-
1. Cóipeanna de na taifid agus nótaí uile a bhaineann le conas a fuair an DIA amach
faoin líomhain
2. Cóipeanna d'aon taifid agus nótaí a bhaineann le comhairle a iarraidh ar Tusla
maidir leis an líomhain agus leis an gcomhairle a tugadh
3. Cóipeanna d'aon tuairisc a cuireadh faoi bhráid Tusla maidir leis an líomhain
4. Cóipeanna d'aon taifid cumarsáide eile le Tusla, An Garda Síochána nó le haon
pháirtí eile maidir leis an líomhain (lena n-áirítear aon admháil ó Tusla go bhfuair siad
an tuairisc)
5. Cóipeanna d'aon fhógra a eisíodh faoi mhír 5.6 de na nósanna imeachta seo
6. Cóipeanna d'aon ráiteas a chuir ball den lucht foirne scoile ar fáil faoi mhír 5.3.8 de
na nósanna imeachta seo.
Cuirfear na doiciméid a liostaítear i mír 9.5.2 ar fáil do bhaill an bhoird bainistíochta
ag an gcruinniú boird agus gheofar ar ais gach doiciméad i ndiaidh don bhord déileáil
leis an gceist agus cuirfidh an DIA sa chomhad cáis chuí iad. Ní dhéanfar na doiciméid
a leithdháileadh ar aon bhall den bhord ar leithligh ná ní choinneoidh baill boird iad.
Saineofar i miontuairiscí chruinniú an Bhoird Bhainistíochta na doiciméid a cuireadh
ar fáil don chruinniú Boird ar aon dul leis an riachtanas thuas. Ní ainmneofar sna
miontuairiscí an fostaí ná aon leanbh dá dtagraítear snadoiciméid ach taifeadfar an
cás trí thagairt don chód nó don tsraithuimhir ar leith a thabharfar don chás/do na
páirtithe bainteacha.
Ba chóir a shonrú gur chóir do gach ball den Bhord Bainistíochta plé leis na taifid seo
faoi chuing dhocht rúin agus a thuiscint gur ar chúiseanna mhaoirseacht na
riachtanais tuairiscithe a leagtar amach sna nósanna imeachta seo agus orthu sin
amháin atá siad le hathbhreithniú. Déanfar an- chúram de chinntiú nach gcuirfidh
maoirseacht na mball Boird ar na riachtanais tuairiscithe as do bhearta amach anseo a
bhféadadh gá a bheith leo de réir na nósanna imeachta smachta bainteacha. Dá réir
sin, ní rachaidh an Bord, faoi aon chúinse, i gceann aon phlé ná fiosrúcháin abhaineann le hábhar ná inchreidiúnacht ná eile na líomhna atá i gceist agus iad i mbun
an róil maoirseachta seo. Is é an t-aon chuspóir amháin atá leis an athbhreithniú seo a
fháil amach, bunaithe ar an eolas atá ag an DIA agus ar aon chomhairle a fuarthas ó
Tusla, ar comhlíonadh na riachtanais chuí tuairiscithe. Aon phlé, fiosrúchán nó cinntí
maidir le tuilleadh beart a dhéanfar i leith fostaí a ndearnadh an líomhain ina
(h)aghaidh, caithfear iad a dhéanamh ar leithligh agus araon dul leis na nósanna
imeachta bainteacha i gcaibidil a 7. Meabhraítear do bhaill Bhoird a ndualgas chun
rúndacht cruinnithe Boird a choinneáil agus nach ceadmhach cásanna a phléitear ag
cruinnithe Boird a nochtadh ná a phlé ach má cheadaíonn an Bord Bainistíochta go
follasach a leithéid a dhéanamh. Is féidir leis an bPátrún ball den bhord a sháraíonn
an riachtanas seo a bhriseadh ón mBord ar aon dul le forálacha bainteacha d'alt 16 den
Acht Oideachais 1998 agus maidir le sárú den chineál seo, d'fhéadfadh sé nach
gcosnófaí é/í in aon imeachtaí dlí a dhéanfaí ina (h) aghaidh tríd an tslánaíocht
ghinearálta a thugtar do bhaill Bord Bainistíochta faoi alt 14(7) den Acht Oideachais,
1998. Nuair a thagann aon chás aníos dá dtagraítear ag (c) agus (d) de mhír 9.5.1 thuas,
cuirfidh an DIA in iúl láithreach do chathaoirleach an bhoird bainistíochta. Tionólfar
cruinniú éigeandála den bhord bainistíochta mar a gcuirfear ar fáil do bhaill boird na
doiciméid dá dtagraítear ag (1) go (6) i mír chun go n-athbhreithneoidh siad iad.
Roimh an gcruinniú éigeandála den bhord bainistíochta, iarrfaidh an cathaoirleach,
thar ceann an bhoird, comhairle ar Tusla faoi cé acu ba chóir nó nár chóir an líomhain
a thuairisciú agus tuairisceoidh sé/sí an cás thar ceann an bhoird má iarrtar air/uirthi.
Lena chois sin, tabharfaidh an cathaoirleach don bhord:
1. Cóip de thaifid nó de nótaí an chathaoirligh a bhaineann lena (h)iarratas ar
chomhairle ar Tusla maidir leis an líomhain agus leis an gcomhairle a tugadh
2. Cóip den tuairisc a cuireadh faoi bhráid Tusla faoin líomhain agus aon admháil go
bhfuair Tusla an tuairisc sin.
Bainfidh na 3 fhoráil, leis an gcruinniú éigeandála den Bhord agus leis na doiciméid
dá dtagraítear ag 1 agus 2 .
Más amhlaidh nár chomhlíon an Bord Bainistíochta na nósanna imeachta atá sa mhír
seo agus nár thuairiscigh sé an cás do Tusla cé gur chomhairligh Tusla gur chóir a
leithéid a thuairisciú, cuirfidh sé an fhíric seo in iúl don Phátrún scoile i scríbhinn.
Taifeadfar an gníomh seo i miontuairiscí an chruinnithe chuí Bord Bainistíochta agus
coinneofar cóip den teachtaireacht acuireadh chuig an bpátrún. Ba chóir a shonrú
freisin, mura dtuairisceoidh ball de phearsanra scoile cás do Tusla más amhlaidh gur
comhairlíodh dóibh a dhéanamh nó mura gcomhlíonfaidh siad na nósanna imeachtaseo ar bhealach eile, is cúis smachta í a bheadh le tuairisciú agus le déileáil léi ar
leithligh ag an bhfostóir de réir na nósanna imeachta cuí smachta.
Ábhair Imní Chosaint Eile Faoi Scoláirí Sa Scoil (nach mbaineann le baill na foirne)
Seachas na cásanna dá dtagraítear sna míreanna thuas de na nósanna imeachta seo,
mar chuid de thuairisc an phríomhoide don Bhord Bainistíochta, saineoidh an Tuairisc
Mhaoirseachta Chosaint Leanaí an líon cásanna atá tagtha aníos ó bhí an cruinniú
boird deireanach ann faoi gach ceannteideal acu seo a leanas -
a) Aon chás inar chuir ball den lucht foirne scoile tuairisc faoi bhráid Tusla maidir le
leanbh sa scoil i gcúinsí gur chinn an DIA nár ghá tuairisciú ina leith.
b) Aon chás inar iarr an DIA comhairle Tusla maidir le hábhar imní faoi leanbh sa scoil
agus gur chomhairligh Tusla nár chóir an cás a thuairisciú.
c) Aon chás inar iarr an DIA comhairle Tusla maidir le hábhar imní faoi leanbh sa scoil
agus gur chomhairligh Tusla gur chóir an cás a thuairisciú ach nár thuairiscigh an DIA
an cás a bhí i gceist. Nuair nach mbíonn aon chás amhail ag (a), (b) nó (c) thuas, maífear
an méid sin sa tuairisc.
Maidir le gach cás a thagann aníos faoi na ceannteidil thuas, tabharfar na doiciméid
thíos don Bhord Bainistíochta le go n-athbhreithneoidh siad iad:
1) Cóipeanna de na taifid agus de na nótaí ar fad a bhaineann le conas a fuair an DIA
amach faoin ábhar imní
2) Cóipeanna d'aon taifid ná de nótaí a bhaineann le comhairle a iarraidh ar Tusla a
bhaineann leis an ábhar imní agus leis an gcomhairle a tugadh
3) Cóipeanna d'aon tuairisc a chuir aon bhall den fhoireann scoile faoi bhráid Tusla a
bhaineann leis an ábhar imní
4) Cóipeanna d'aon taifid chumarsáide le Tusla, An Garda Síochána nó le haon pháirtí
eile a bhaineann leis an ábhar imní (lena n-áirítear aon admháil ag Tusla go bhfuair
siad an tuairisc)
5) Cóipeanna d'aon ráiteas a tugadh do bhall den lucht foirne scoile faoi mhír 5.3.8 de
na nósanna imeachta seoBa chóir a shonrú go mbeidh na taifid a thabharfar don Bhord Bainistíochta le
déanamh anaithnid agus le leasú de réir mar is gá lena chinntiú nach n-ainmneofar
aon duine de na leanaí ná páirtithe ar bith eile a bhaineann leis an ábhar imní nó leis
an tuairisc. Tabharfar na doiciméid atá i gceist do bhaill an Bhoird Bainistíochta ag an
gcruinniú Boird agus gheofar ar ais gach doiciméad i ndiaidh don Bhord déileáil leis
an gcás agus cuirfidh an DIA iad sa chomhad cuí cáis. Ní dhéanfar na doiciméid a
leithdháileadh ar leithligh ná ní choinneoidh aon bhall den Bhord Bainistíochta iad.
Sonrófar i miontuairiscí an Bhoird Bainistíochta na doiciméid a tugadh don Bhord ar
aon dul leis an riachtanas thuas. Ní ainmneofar aon leanbh ná aon pháirtí eile a
bhaineann leis an ábhar imní nó leis an tuairisc ach taifeadfar an cás trí thagairt don
chód nó don tsraithuimhir ar leith a thabharfar don chás nó do na páirtithe lena
mbaineann.
9.6.4 Ba chóir a shonrú gur chóir do gach ball den Bhord Bainistíochta plé leis na taifid
seo faoi chuing dhocht rúin agus a thuiscint gur ar chúiseanna mhaoirseacht na
riachtanais tuairiscithe a leagtar amach sna nósanna imeachta seo agus orthu sin
amháin atá siad le hathbhreithniú. Dá réir sin, ní rachaidh an Bord, faoi aon chúinse,
i gceann aon phlé nó fiosrúcháin a bhaineann le hábhar nó inchreidiúnacht nó eile na
líomhna atá i gceist agus iad i mbun an róil maoirseachta seo. Is é an t-aon chuspóir
amháin atá leis an athbhreithniú seo a fháil amach, bunaithe ar an eolas atá ag an DIA
agus ar aon chomhairle a fuarthas ó Tusla, ar comhlíonadh na riachtanais chuí
tuairiscithe.
Ábhair imní chosaint leanaí ag eirí as iompraíocht bhulaíochta líomnnaithe i measc
na scoláirí.
Mar chuid de thuairisc an phríomhoide don Bhord Bainistíochta, saineofar sa Tuairisc
Mhaoirseachta Cosaint Leanaí an líon cásanna ó bhí an cruinniú deireanach bord
bainistíochta ann, nuair:
(a) thuairiscíonn an DIA ábhar imní faoi leanbh mar gheall ar iompraíocht bhulaíochta
líomhnaithe i measc scoláirí.
(b) a iarann an DIA comhairle ar Tusla faoi thuairisciú údar imní faoi faoi leanbh mar
gheall ar iompraíocht bhulaíochta líomhnaithe i measc scoláirí, Nuair nach mbíonn
aon chás ann ag (a) nó (b) thuas, maífear é sin sa tuairisc.
Maidir le haon chás dá dtagraítear ag (a) nó (b) i mír 9.7.1, tabharfar na doiciméid a
liostaítear thíos don Bhord le go n-athbhreithneoidh siad iad:1) Cóipeanna de na taifid agus de na nótaí uile a bhaineann le conas a fuair an DIA
amach faoin ábhar imní
2) Cóipeanna d'aon taifid agus nótaí a bhaineann le comhairle a iarraidh ar Tusla faoin
ábhar imní agus don chomhairle a tugadh
3) Cóipeanna d'aon tuairisc a chuir aon bhall den fhoireann scoile faoi bhráid Tusla
faoin ábhar imní
4) Cóipeanna d'aon taifid chumarsáide eile le Tusla, An Garda Síochána nó le haon
pháirtí eile a bhaineann leis an ábhar imní (lena n-áirítear aithint Tusla go bhfuarthas
an tuairisc)
5) Cóipeanna d'aon ráiteas a tugadh do bhall den fhoireann scoile.
Sonraí achoimre maidir le tuairisciú.
Mar chuid de thuairisc an phríomhoide don Bhord Bainistíochta, maífear na nithe seo
a leanas sa Tuairisc Mhaoirseachta Chosaint Leanaí -
a) an líon iomlán tuairiscí a rinne an DIA do Tusla ó bhí an cruinniú Bord Bainistíochta
deireanach ann agus an líon tuairiscí acu sin a cuireadh isteach mar thuairiscí faoi
shainordú agus cé acu a bhain nó nár bhain aon tuairisc díobh (bíodh siad faoi
shainordú nó ná bíodh) le ball den fhoireann scoile;
b) an líon iomlán cásanna, ó bhí an cruinniú Bord Bainistíochta deireanach ann, inar
iarr an DIA comhairle ar Tusla agus, mar gheall ar an gcomhairle sin, nach ndearna
an DIA tuairisc agus cé acu a bhain nó nár bhain aon chás díobh le ball den lucht foirne
scoile;
c) an líon iomlán cásanna, ó bhí an cruinniú Bord Bainistíochta deireanach ann, inar
thug ball den fhoireann scoile cóip de thuairisc don DIA a chuir an duine sin faoi
bhráid Tusla maidir le cás ar mheas an DIA nár ghá tuairisciú ina leith nó nár ghá
tuairisciú ina leith mar thuairisc faoi shainordú agus agus cé acu a bhain nó nár bhain
aon chás díobh le ball den fhoireann scoile;
d) nuair nach mbíonn aon chás ann ag (a), (b) nó (c) thuas, maífear an méid sin.