Gairmthreoir
Career Guidance
Tagraíonn Treoir i nGaelcholáiste an Phiarsaigh do a sholáthraítear i bpróiseas forbartha na ndaltaí. Cabhraíonn na heispéiris seo le daltaí scileanna féin bhainistíochta a fhorbairt a chabhróidh leo roghanna agus cinntí éifeachtúla a dhéanamh ina saol. Tá trí réimse ar leith ach idir nasctha, mar chuid den treoir:
- Forbairt Phearsanta agus Shóisialta
- Treoir oideachais
- Gairm threoir
Freastalaíonn an scoil uile ar riachtanais na ndaltaí maidir le Treoir Phearsanta, Gairm threoir agus Treoir Oideachasúil.
Tosaímid tríd ghearrchúrsa scileanna staidéir a chuir ar fáil dos na ranganna sóisearacha.
San Idirbhliain dírítear isteach ar an ngairm threoir agus téann na daltaí amach ar thaithí oibre ar feadh tréimhse trí seachtainí.
Ullmhaíonn an idirbhliain CV chun cabhrú leo áit a shocrú don taithí oibre agus post a fháil amach anseo.
Bíonn ranganna treoir ag scoláirí sinsearacha na scoile ar bhonn seachtainiúil. Bíonn an deis ag scoláirí freastal ar Laethanta Oscailte scoile nó tagann Aoi-chainteoirí isteach chugainn sa scoil chun labhairt leis na daltaí faoi slí bheatha agus cúrsaí éagsúla.
Seo a leanas roinnt gníomhaíochtaí a gcabhraíonn leis na daltaí sinsearacha roghanna eolasacha a dhéanamh:
- eolas gairme sa rang, clár na bhfógraí, agallaimh phearsanta nó threoir ghairme, imeacht gairme.
- eolas faoi chúrsaí agus institiúid tríú leibhéil agus an CAO.
- úsáid na teicneolaíochta faisnéise; www.saoloibre.ie, www.careersportal.ie, www.qualifax.ie, cuntas ar Reach+.
- tacaíocht le scileanna staidéir, fadhbanna pearsanta, scileanna sóisialta.