Glacaimid páirt gach bliain i gcomórtas díospóireachta de chuid Gael-Linn darbh ainm 'Comórtas Uí Chadhain'. Is comórtas é sin atá dírithe ar scoláirí sóisearacha agus sinsearacha i nGaelcholáistí agus meánscoileanna Gaeltachta ar fud na tíre. Cabhraíonn sé le scileanna cumarsáide na scoláirí, chomh maith lena scileanna taighde, pleanála, scríbhneoireachta agus uimhearthachta. Níos mó ná aon rud eile, feabhsaíonn sé a gcuid Gaeilge agus bíonn spraoi acu leis!